Is éard atá in Ard-Mhúsaem na hEireann - Stair an Dúlra ná músaem ar stíl an chaibinéid, leagtha amach thar ceithre urlár, a bhfuil an dá urlár is airde díobh dúnta faoi láthair. Is éard atá sna taispeántáin na bailiúchán zó-eolaíoch cuimsitheach agus is beag athrú a tháinig orthu le breis agus céad bliain anuas
Tá urlár na talún - ar a dtugtar Seomra na hÉireann - dírithe ar ainmhithe dúchais na hÉireann. Ar an gcéad urlár ta eiseamláir níos andúchasaí ón mbailiúchán Mamaigh an Domhain.
Tá leibhéil áiléir (os cionn an chéad urláir) dúnta faoi láthair de bharr easpa éaluithe éigeandála. Ach is féidir na leibhéil áiléir a fhiosrú ar líne fós.
Fiosraigh na cnámharlaigh d'fhia mór na mbeann agus mamaigh, éin agus éisc éagsúla, ó Éire agus ar fud an domhain.
Fiosraigh na cnámharlaigh d'fhia mór na mbeann agus mamaigh, éin agus éisc éagsúla, ó Éire agus ar fud an domhain.