Baile / Stair an Dúlra / Taispeántais / Taispeántais atá Dúnta Faoi Láthair

Is éard in Ard-Mhúsaem na hEireann - Stair an Dúlra ná músaem ar stíl an chaibinéid, leagtha amach thar ceithre urlár, a bhfuil an dá urlár is airde díobh dúnta faoi láthair. Is éard atá sna taispeántáin na bailiúchán zó-eolaíoch cuimsitheach agus is beag athrú a tháinig orthu le breis agus céad bliain anuas

Tá urlár na talún - ar a dtugtar Seomra na hÉireann - dírithe ar ainmhithe dúchais na hÉireann. Ar an gcéad urlár ta eiseamláir níos andúchasaí ón mbailiúchán Mamaigh an Domhain.

Tá leibhéil áiléir (os cionn an chéad urláir) dúnta faoi láthair de bharr easpa éaluithe éigeandála. Ach is féidir na leibhéil áiléir a fhiosrú ar líne fós.

Céimeanna san Éabhlóid

Céimeanna san Éabhlóid

Faigh eolas faoi theoiric na héabhlóide trí fhorbairt na n-orgánach simplí go héisc, amfaibiaigh agus reiptílí casta. Taispeántas dúnta faoi láthair.

Temporary Exhibition Taispeántas Sealadach

No Wheelchair Access Níl rochtain ann do chathaoireacha rotha

Éin den Chineál Céanna:

Éin den Chineál Céanna:

Faigh amach faoin gcaoi ina dtugann cruthanna coirp agus goib éan noda faoi shaol éin, oidhreacht éabhlóideach agus a chur chuige i leith cothaithe. Taispeántas dúnta faoi láthair.

Temporary Exhibition Taispeántas Sealadach

No Wheelchair Access Níl rochtain ann do chathaoireacha rotha

An Cluiche Cúplála

An Cluiche Cúplála

Fiosraigh na gnásanna cúplála ag éin trí phatrúin dathaithe, ithe & taispeántais. Taispeántas dúnta faoi láthair.

Temporary Exhibition Taispeántas Sealadach

No Wheelchair Access Níl rochtain ann do chathaoireacha rotha

Múnlaí Blaschka

Múnlaí Blaschka

Tá ceann de na bailiúcháin is mó ar domhan de shamhailtí Blaschka ag an Músaem - mionsamhlacha uathúla gloine d'ainmhithe agus plandaí. Ta an taispeántas dúnta faoi láthair.

Temporary Exhibition Taispeántas Sealadach

No Wheelchair Access Níl rochtain ann do chathaoireacha rotha

Cosán Tacsanomaíochta

Cosán Tacsanomaíochta

Foghlaim an chaoi ina ndéantar ainmnhithe, feithidi agus plandaí a ghrúpáil go heolaíoch ag baint úsáide as an gcóras ainmniúcháin tacsanamaíoch. Taispeántas dúnta faoi láthair.

Temporary Exhibition Taispeántas Sealadach

No Wheelchair Access Níl rochtain ann do chathaoireacha rotha

Domhain Faoi Thoinn:

Domhain Faoi Thoinn:

Fiosraigh bithéagsúlacht shaibhir aigéin an domhian le dhébhlaoscaigh, sliogéisc, cuáin mara, ceifileapóid agus moilisc. Ta an taispeántas seo dúnta faoi láthair.

Temporary Exhibition Taispeántas Sealadach

No Wheelchair Access Níl rochtain ann do chathaoireacha rotha