Éin den Chineál Céanna:

Faigh amach faoin gcaoi ina dtugann cruthanna coirp agus goib éan noda faoi shaol éin, oidhreacht éabhlóideach agus a chur chuige i leith cothaithe. Taispeántas dúnta faoi láthair.


Níl Rochtain ann do Chathaoireacha Rotha No Wheelchair Access

Ba sa taobh thuaidh den bhalcóin íochtarach a bhí na héin, agus iad eagraithe i ngrúpaí garghaolta. Tugann a gcoirp nodanna dúinn faoi na nósanna maireachtála atá acu, agus léiríonn cruth goib gach ceann acu a oidhreacht éabhlóideach agus an chaoi a itheann sé.

Apteryx australisNíl eitilt ag na héin is mó. Ostrais na hAfraice an sampla is fearr atá againn inniu ach is tréith níos comónta é ar oileáin mhara ina bhfuil na héin ar bharr an bhiashlabhra. Tá an Apteryx australis ar cheann de thrí speiceas de chíobhaí sa Nua-Shéalainn, oileán nach bhfuil aon mhamach dúchasach air. Éin bheaga is ea na cíobhaíonna a mhaireann ar an talamh agus a bhfuil cleití neamhghnácha acu atá oiriúnach d’insliú. Toisc nach bhfuil eireaball, sciatháin mhóra ná cleití láidre acu níl sé ar a gcumas eitilt. Is créatúir oíche iad na cíobhaíonna agus tá súile beaga acu, braitheann siad ar a gcumas bolú agus a ngoib fhada íogair chun péisteanna agus feithidí beaga agus sméara a thit ar an talamh a aimsiú. Bíonn a n-uibheacha an-mhór, suas le haon séú de mheáchan chorp na máthar. Nuair a thagann na sicíní amach, foghlaimíonn siad go tapa conas freastal orthu féin.

Is áiteanna slána iad lochanna fíoruisce agus srutháin do na héin fhiáine ar chúis an-mhaith: bíonn neart bia iontu. Is ball den teaghlach lachain aithnidiúil é an póiseard cíordhearg Netta rufina agus tá gnáthchruth goib lachain aige. Tá na nósanna beathaithe céanna aige, bíonn sé ag srúmáil in uisce éadomhain agus é tóin le gaoth ar thóir plandaí uisce. Is ó stoc a tugadh isteach é an t-éan seo, fuarthas é i lár Bhaile Átha Cliath ach is é a bhaile nádúrtha an crios a shíneann ó dheisceart na hEorpa trasna na hÁise go dtí an tSín.

Is furasta mórchuid éan uisce a aithint óna ngoba; baineann cruth a ngob lena nósanna beathaithe. Tá contrárthacht ann idir cruth srúmála lachain agus gob fada tóraíochta an chrotaigh Numenius arquata. Is éan coitianta é a fhaightear go forleathan agus a fheictear go minic ar na réileáin láibe agus ar thalamh féaraigh an chosta ó Éirinn chomh fada ó dheas leis an Afraic.

Sagittarius serpentariusIs féidir le héin atá go maith chun eitilte, fiú, cuid mhaith dá saol a chaitheamh ar an talamh. Tá cosa fada ar an bpeannaire Sagittarius serpentarius atá foirfe don mhodh seilge a úsáideann sé, is é sin seasamh go trom ar nathracha agus ainmhithe eile i dtalamh féaraigh gearr. Tá sciatháin fhada aige a shíneann sé amach chun a chorp a chosaint ó ghreim nathrach, agus is eitleoir an-ghrástúil é. Nochtann an gob crúcach láidir go n-itheann sé feoil. Tá na cleití ar a cheann cosúil leis an scuab chleiteach a bhíodh in úsáid ag rúnaí san ochtú haois déag – is as sin a fuair sé an t-ainm ‘peannaire’. Nochtann a ainm eolaíoch féith an oilc ann; as Gaeilge ciallaíonn sé ‘boghdóir na nathracha’.

Tá na creachadóirí is mórthaibhsí i measc na n-éan i bhfine na bhfabhcún. D’fhorbair siad goba láidre cuartha le feoil a sracadh, crúca géara lena gcreach a ionsaí agus luas an-ard agus iad ag eitilt. Áirítear fabhcúnóga sa ghrúpa seo, cosúil le Microhierax melanoleucus ón India agus ó Oirdheisceart na hÁise, a chothaíonn é féin ar chreach bheag ach a léiríonn na hardscileanna eitilte atá ag a ghaolta móra.

Bíonn baint níos lú ag roinnt éan le marú ainmhithe, is fearr leo a mbia a aimsiú ón aer. Is iteoir dramhfheola forleathan é an bultúr turcach Cathartes aura ó Mheiriceá Thuaidh agus Theas. Cosúil leis an gcondar, atá ollmhór, bíonn polláirí móra agus cumas maith acu ainmhí marbh a bholú i bhfad uathu. Tá a gceann nocht úsáideach chun an chuid seo dá gcorp a choinneáil glan; is buntáiste é seo i gcás éin a itheann ionathar.