An Cluiche Cúplála

Fiosraigh na gnásanna cúplála ag éin trí phatrúin dathaithe, ithe & taispeántais. Taispeántas dúnta faoi láthair.


Níl Rochtain ann do Chathaoireacha Rotha No Wheelchair Access

Tugann éin léiriú dúinn ar shaincheist chriticiúil atá ag gach ainmhí: an gá le hatáirgeadh. Gan éin óga sláintiúla ag fás aníos i ngnáthóg oiriúnach, ní bheadh aon sliocht.

Is fusa go minic éan a chloisteáil seachas é a fheiceáil, d’fhéadfadh a nglaonna a bheith níos éasca a aithint ná a gcuid cleití. Is é an rí-ulchabhán Bubo bubo d'fhoraoisí na hEorpa an t-éan is mó de ghrúpa éan atá aitheanta dá nglaonna. Tá cúpla feidhm ag glaonna ulchabháin, mar atá ag glaonna an chuid is mó de na héin. Fógraíonn siad go bhfuil an t-éan ann ach baineann riosca áirithe leis sin toisc go bhféadfadh sé creachadóirí a mhealladh; caithfidh a leas a bheith níos mó ná an baol. Féadfar glaonna a úsáid le limistéar a mharcáil. Bíonn a limistéar féin ag teastáil ó gach éan áit a gcuirfear a dhóthain bia ar fáil dá riachtanas agus a bheidh saor ó éin den speiceas céanna a bheadh san iomaíocht don bhia céanna. Léiríonn an glao sláinte agus gnéas an éin, rud atá an-tábhachtach sa chluiche cuplála.

Ramphastos vitellinusTá mórán de na héin trópaiceacha ildaite agus is é an túcán lena ghob méadaithe an ceann is mó a rachadh i bhfeidhm ort go físiúil. Tá 37 speiceas i bhfine na dtúcán, lena n-áirítear Ramphastos vitellinus, a mhaireann i bhforaoisí báistí ar bhruacha abhainn na hAmasóine sa Bhrasaíl.

Tá na goba móra oiriúnaithe chun torthaí a phiocadh ó áiteanna deacra, alptar siar na torthaí tríd an gceann a chur siar agus an gob a choimeád i dtreo na spéire. Cuireann na patrúin gheala mearbhall ar chreachadóirí trí imlíne na n-éan a bhriseadh suas i solas breac na foraoise. Bíonn na héin fireanna i gcuid mhaith speiceas ildaite; is tréith í a úsáideann na héin bhaineanna chun sláinte a mheas; is é sin líon na seadán ar éan a mheas. Is fearr éan fireann sláintiúil i gcónaí le haghaidh pórú agus méadaíonn sé sin an seans go mbeidh sliocht láidir ina dhiaidh.

Ní hé an dath an t-aon ghné a úsáideann na héin bhaineanna chun suiríoch a mheas. Déanann na héin ghrianáin Ptilonorhynchus violaceus ó oirthear na hAstráile, ardáin ornáideacha ar thalamh na foraoise leis an mbeart a dhéanamh orthu. I dtús báire leagann an t-éan fireann cosán de chipíní ar an talamh; ina dhiaidh sin seasann sé dhá sraith de chipíní a thagann le chéile ag an mbarr chun clós nó láithreán a dhéanamh atá cosúil le hascaill foscúil. Maisítear an clós le nithe a bhfuil dathanna geala orthu a scrobláladh ón bhforaois féin. Léiríonn an t-iompar seo sláinte agus rath na n-éan fireann, mar is léir gur soláthraithe maithe iad na héin leis na clóis is deise mar go bhfuil an fuinneamh breise acu chun a bheith ag buaiceáil. Cúplálfaidh an t-éan baineann a ndeachaigh an taispeántas i gcion uirthi leis an éan fireann sa chlós seo agus ansin béarfaidh sí a huibheacha i nead i gcrann in aice láimhe.

Menura superbaImage is not everything in bird mating rituals. Tá easpa datha ar an liréan i gcomparáid le go leor éan eile ach is iad na cleití taibhseacha san eireaball a úsáideann an t-éan fireann le taispeáint agus é ag suirí. Tá na héin bhaineanna Menura superba cosúil leis na héin fhireanna ach níl na cleití i bhfoirm lire acu ar a n-eireaball. Is aithriseoirí den scoth iad na héin fhireanna de ghlaonna éan ó speicis eile agus úsáideann siad raidhse fuaimeanna chun dul i bhfeidhm ar chara nó ar namhaid. Is táscaire maith den dea-shláinte é glao éin agus úsáideann éin eile é le méid, sláinte nó neart iomaitheoirí agus céile a mheas.