Céimeanna san Éabhlóid

Faigh eolas faoi theoiric na héabhlóide trí fhorbairt na n-orgánach simplí go héisc, amfaibiaigh agus reiptílí casta. Taispeántas dúnta faoi láthair.


Níl Rochtain ann do Chathaoireacha Rotha No Wheelchair Access

Na milliúin bliain ó shin, rinne ainmhithe éabhlóid le corda néarógach, a théann síos tríd a gcorp agus a iompraíonn ordaithe óna n-inchinn chuig na néaróga a thiomáineann na matáin sa chuid eile dá gcorp. Sa chuid is mó de na cásanna bíonn an corda néarógach seo taobh istigh d'fheadán cosantach an chnámh dhroma atá déanta suas de chnámha ar a dtugtar veirteabraí..

Tugtar cordaigh ar gach ainmhí sa ghrúpa seo, agus tugtar veirteabraí ar a bhformhór ag a bhfuil cnámharlaigh chnámhacha. Tá réimse de chordaigh sa bhalcóin ar an dara hurlár, leagtha amach i sraithe éabhlóideacha ón gceann is primitíbhí go dtí na cinn is coimpléascaí.

Ascaidí agus Lansódaigh

Ascaidí agus Lansódaigh

Mínítear céimeanna tosaigh éabhlóideacha ag samhlacha de na cordaigh simplí agus primitíbheacha seo. Taispeántas dúnta faoi láthair.

Éisc

Éisc

Éisc is mó atá sa tsraith ainmhithe ar an taobh theas den bhalcóin íochtarach. Taispeántas dúnta faoi láthair.

Amfaibiaigh & Reiptílí

Amfaibiaigh & Reiptílí

Tá nathracha nimhe, froganna, niúit, turtair agus crogaill ar an gcéad urlár. Taispeántas dúnta faoi láthair.