Amfaibiaigh & Reiptílí
Tá nathracha nimhe, froganna, niúit, turtair agus crogaill ar an gcéad urlár. Taispeántas dúnta faoi láthair.
Áirítear froganna, niúit, agus salamandair sna hamfaibiaigh. Léiríonn siad a mbunús éabhlóideach dé réir mar a fhorbraíonn siad ó uibheacha go hainmhithe fásta. Léiríonn na hobstatraithe buaife cnáimhsí Alytes leagan neamhghnách den phróiseas seo sa mhéad is go mbailíonn an bhuaf fireann na huibheacha ar a dhroim agus tugann sé aire dóibh go dtí go dtagann siad amach as na huibheacha mar thorbáin. Saolaíonn amfaibiaigh a n-uibheacha san uisce, díreach mar a rinne a sinsear, na héisc. D’fhabhraigh a sliocht siúd, na reiptílí, uibheacha le cóta uiscedhíonach a lig dóibh uibheacha a bhreith ar an talamh i bhfad ó chreachadóirí éisc na n-aibhneacha ársa.
Maireann na reiptílí i réimse leathan de ghnáthóga, sna háiteanna is teo ar domhan, den chuid is mó. Bhí na turtair agus na toirtísí ar an saol i bhfad roimh na dineasáir agus tá sliogáin acu mar chosaint an-éifeachtach i gcoinne creachadóirí. Spreag na holltoirtísí ar na hOileáin Galapagos amach ó chósta Eacuadór samhlaíocht Charles Darwin sa bhliain 1835 nuair a mhínigh an gobharnóir áitiúil dó go raibh cruth ar leith ar shliogán gach ainmhí ag brath ar an oileán ar mhair sé air. Seo sampla den fhospeiceas Geochelone ephippium elephantopus ó Pinzon (Oileán Duncan) le tosach ard a ligeann don toirtís a mhuineál a shíneadh in airde chun breith ar na sceacha a itheann sé.
Cé go bhfuil stair iontaise ársa ag roinnt reiptílí, tá cuid eile díobh an-fhorbartha. Is féidir leis na caimileoin cosúil le Bradypodion pumilum a ndath a athrú le meascadh leis an gcúlra timpeall orthu. Bogann siad go mall, ag luascadh ar nós duilleoga sa ghaoth, chun dul i ngiorracht fad teanga lena gcreach, na feithidí. Léiríonn laghairteanna an-éagsúlacht ina n-iompraíocht; mar shampla, déanann na laghairteanna armadailín cosúil leis an Cordylus giganteus, liathróid díobh féin chun a gcraicne spíonacha a nochtadh. Cuireann sé seo as do chuid mhór creachadóirí a d'fhéadfadh a bheith ann.
Is reiptílí an-fhorbartha iad na nathracha nimhe. Is creachadóir clasaiceach í an nathair shligreach Crotalus viridus. Is iad na gainní triomaithe ag bun an eireabaill a dhéanann an fhuaim a thugann an t-ainm comónta don nathair cháiliúil seo. Síntear an teanga amach chun boladh na creiche a fháil fad is atá an cloigeann caite siar i bhfoirm S, réidh leis an ngreim mharfach a thabhairt de bhuille. Bíonn na goineoga brúite amach nuair a osclaíonn an nathair a béal agus is é an brú ar na faireoga neimhe i gceann a bhéil a sheachadann an dáileog mharfach chuig an gcreach bheag. Síneann an píobán garbh go tosach an bhéil, ag tabhairt deis don nathair shligreach an chreach a bhfuil an nimh ann a alpadh siar ceann chun tosaigh agus í ábalta análú ag an am céanna.
Is creachadóirí rathúla leis na céadta milliún bliain iad na crogaill agus a ngaolta. Ina measc seo tá an Gavialis gangeticus gairiáil atá oiriúnaithe don téaltaitheacht. Léiríonn an bhlaosc cnapóg cnáimhe ag bun an tsoic, a thugann tacaíocht do na polláirí. Ní thagann os cionn an uisce ach iad seo amháin agus na súile, rud a ligeann don ghairiál anáil a tharraingt agus creach a lorg i nganfhios.
Is scéal fada é éabhlóid na veirteabrach. Chonaic speiceas ársa de na crogaill agus na turtair teacht agus imeacht na ndineasár. Is iad na héin an t-aon ghrúpa de gharghaolta na ndineasár a tháinig slán ón díobhadh 65 milliún bliain ó shin.