Éisc

Éisc is mó atá sa tsraith ainmhithe ar an taobh theas den bhalcóin íochtarach. Taispeántas dúnta faoi láthair.


Éisc is mó atá sa tsraith ainmhithe ar an taobh theas den bhalcóin íochtarach. Tá siad ar an bhfód le tuairim is 500 milliún bliain, agus sa tréimhse ollmhór ama sin d'fhorbair siad coirp speisialta agus patrúin choimpléascacha iompraíochta. Is ceann de na héisc bholgacha é an t-iasc torcánach Diodon hystrix, is féidir leo an corp a inséidiú agus é a dhéanamh i bhfad níos mó ná a ghnáthmhéid. Is plean é seo le scanradh a chur ar ábhar creachadóirí. Dá mba rud é gur éirigh le creachadóir teacht aniar aduaidh ar iasc bolgach agus é a alpadh siar, d'fhéadfadh sé sin a bheith pianmhar agus marfach.

Maireann go leor speiceas éisc, ar a dtugtar pioráiní, in abhainn na hAmasóine, lena n-áirítear an Serrasalmus rhombeus atá léirithe anseo. Cruinníonn siad i scoileanna agus ionsaíonn siad ainmhithe a théann isteach san abhainn le deoch uisce a fháil, úsáideann siad a bhfiacla fíochmhara le cnámharlach a dhéanamh dá gcreach laistigh de chúpla nóiméad. Beireann muintir abhantrach na hAmasóine ar phioráiní agus itheann siad iad chomh maith. Má bhíonn creach nach bhfuil chomh dainséarach sin ar intinn agat smaoinigh ar iasc cosúil le péirse Perca fluviatilis, a thaitníonn le slatiascairí na hÉireann. Tugadh isteach chun na tíre seo é, mar a tharla i dtíortha i bhfad uainn cosúil leis an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Is iasc é an péirse atá oiriúnach don tslatiascaireacht agus don bhord agus is é an Eoraip láir a dhúthaigh nádúrtha. Ba é péirse ón nGearmáin a úsáideadh mar chruth bunaidh chun an teilgean nua-aimseartha seo a chruthú. Ceadaíonn an modh atáirgthe seo críochnúlacht agus dathanna réadúla ar an tsamhail.

Níor mhiste d’éisc a bheith ar an airdeall roimh chreachadóirí atá níos mó ná iad féin ach ní bheadh mórán ag súil go n-alpfadh ainmhí atá níos lú ná iad féin siar iad. D’éirigh leis an t-eiseamal seo den alpaire dubh Chiasmodon niger iasc níos mó ná é féin a bhrú isteach ina bhéal. Nuair a fuarthas é ar snámh san aigéan gar don Phoblacht Dhoiminiceach sna hIndiacha Thiar sa bhliain 1865, bhí eiseamal den Scopelus macrolepidotus le feiceáil ina bholg méadaithe.

Chomh maith le héisc atá an-fhorbartha, tá cineálacha bunúsacha ann a bhfuil gaol acu le hiontaisí, cosúil le cailleacha, agus ‘iontaisí beo’, lena n-áirítear an Amia calva, iasc le heite droma an-fhada atá léirithe anseo. Baineann siad seo le grúpaí éisc a bhí an-chomónta fadó agus anois níl ach an corr-speiceas ann – mar sin tugtar ‘iontaisí beo’ orthu. Féadfar tréithe a shinsir a fheiceáil san Amia calva go fóill. Tig leis maireachtáil in uisce atá beagnach marbh, gan mórán ocsaigine, mar go bhfuil sé de chumas aige ocsaigin a fháil trí alpadh ag an dromchla, murab ionann agus an chuid is mó de na héisc eile ar gá dóibh análú trí uisce le neart ocsaigine ann a sheoladh thar a ngeolbhaigh. Cosúil le go leor eiseamal eile d’éisc, tá an Amia calva seo leasaithe ina shamhail phéinteáilte plástair toisc go bhfuil a chraiceann ró-íogair agus ró-olúil chun é a líonadh i gceart.

Is í an ‘iontaise bheo’ is cáiliúla ná an céalacant Latimeria chalumnae; ceapadh go raibh sé díofa ag an am céanna leis na dineasáir go dtí go bhfuarthas an chéad sampla beo sa bhliain 1938. Ba iad na héisc a chuir tús leis na veirteabraigh a raibh géaga orthu breis is 400 milliún bliain ó shin. Bhí eití láidre cnámhacha an chéalacaint agus a ghaolta ársa oiriúnaithe le fabhrú ina ngéaga, ag soláthar tréith riachtanach de na hainmhithe talaimh – ba é sin an cumas siúil. Tá na loirg coise is sine ar domhan le fáil i gcarraigeacha i nDairbhre, Contae Chiarraí, áit a bhfuarthas loirg d'amfaibiaigh ceithrechosaigh sa bhliain 1992.