Domhain Faoi Thoinn:
Fiosraigh bithéagsúlacht shaibhir aigéin an domhian le dhébhlaoscaigh, sliogéisc, cuáin mara, ceifileapóid agus moilisc. Ta an taispeántas seo dúnta faoi láthair.
Níl Rochtain ann do Chathaoireacha Rotha 
Tá an rogha is leithne de chruthanna coirp agus modhanna beatha le feiceáil ar an urlár ar bharr an mhúsaeim i measc na ngrúpaí d'ainmhithe inveirteabracha. Is ainmhithe muirí iad cuid mhaith díobh seo nó is gaolta leo iad a mhaireann ar dhomhan. Is ainmhithe le siméadracht faoi chúig iad eicínideirmeacha, agus is í an chrosóg mhara an sampla is soiléire de sin. Is baill den ghrúpa seo iad na súmairí cladaigh Psolus phantapus cé nach bhfuil sé chomh soiléir cén fáth. Maireann siad ar ghrinneall na farraige agus is féidir leo a n-orgánacha inmheánacha a spré amach má ionsaíonn creachadóir iad. Nuair a cheanglaítear sa phraiseach greamaitheach seo coinnítear an creachadóir gnóthach agus éalaíonn an súmaire
Bíonn cás crua seachtrach ag cuáin mara agus úsádeann said dealga chun creachadóirí a chur díobh. Is ceann de na samplaí is áille é an cuán mara peann slinne Heterocentrotus mammillatus ó Oileáin Ghilbeirt san Aigéan Ciúin.
Faightear sliogéisc i rogha iontach cruthanna agus méideanna, a bhaineann lena modhanna beatha den chuid is mó. Tá an bhithéagsúlacht seo eagraithe i dtrí phríomhghrúpa laistigh de na moilisc – gastrapóid, débhlaoscaigh agus ceifileapóid. Tugtar gastrapóid ar mhoilisc a bhfuil sliogáin chorntha orthu, téarma a chlúdaíonn seilidí agus bairnigh, a bhfuil sliogáin shimplí orthu, agus fiú an sluga gan sliogán ar bith. Gearradh an tríotón dearg Astrálach Charonia lampas a fheictear anseo le struchtúr bíseach inmheánach an ghastrapóid tipiciúil a léiriú. Bhí an-tóir ar shliogáin clogad impire ón speiceas Cassis madagascariensis ó na hIndiacha Thiar i measc oibreoirí caimeo Iodáileacha a shnoigh cineálacha intaglio fíneálta, a sheasann amach ar shraitheanna daite an tsliogáin.
Tá dhá leath sa sliogán ag débhlaoscaigh agus áirítear ruacain agus diúilicíní orthu. Sna huiscí trópaiceacha tá raidhse iontach de dhébhlaoscaigh daite lena n-áirítear oisre deilgneach an Aigéin Chiúin Spondylus princeps ar chósta thiar Mheiriceá. Greamaíonn an chleiteog uasail Pinna nobilis a shliogán de ghrinneall na farraige le snáth de fhíochán láidir ar a dtugtar biseas. Ba nós é san Iodáil sa naoú haois déag lámhainní a dhéanamh den snáth órdaite seo.
Is moilisc iad ceifileapóid, cé nach mbíonn sliogán ar mhórán de na speicis bheo seachas an nátalas. Ar na sinsir atá acu áirítear na hamóinítí cáiliúla a phlódaigh na farraigí nuair a bhí na dineasáir i réim. Is ainmhithe éirimiúla iad na ceifileapóid atá ann inniu agus áirítear orthu sin an t-ochtapas bánbhallach Polypus macropus, a bhfuil samhail de anseo i ngloine ildaite. Cosúil le hochtapais eile tig leo a mbealach a dhéanamh trí lúbra saotharlainne agus is féidir leo an corp a bhrú tríd an mbearna is cúinge. Ligeann sé seo dóibh ealú ó chreachadóirí agus dul ag tóraíocht a gcreach féin, a mhiotaíonn siad le gob adharcach.