Do Dhaoine Fásta
Faigh amach conas is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi thaispeántais an Mhúsaeim.
Tá turais, cainteanna gailearaí agus seimineáir againn maidir le réimse leathan d'ábhair. Mar shampla, d'fhéadfá:
Dreigít ón spás a láimhseáil
Léigh leabhar faoi eilifintí sa Limistéar Léitheoireachta
Faigh amach faoi ainm an fhéileacáin sin i do ghairdín trí bhreathnú ar ár mbailiúchán feithidí
Éist le saineolaí na bagairtí ar fhiadhúlra na hÉireann a mhíniú ar Chaint Gailearaí
Sceitseáil cnámharlach d'Fhia Mór Éireannach
Tar chuig comhdháil chun do chuid eolais a leathnú faoi stair an dúlra
Athraíonn na himeachtaí gach mí. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi imeachtaí na míosa seo, féach ar ár bhFéilire Imeachtaí.
Cuairteanna Grúpa
Tá fáilte roimh ghrúpaí aosaigh ar nós grúpaí gníomhaíochtaí lucht scoir nó grúpaí sainleasa iniúchadh a dhéanamh leo féin nó turas tosaigh a chur in áirithe. Ní mór do gach grúpa a bhfuil i gceist acu cuairt a thabhairt orainn teagmháil a dhéanamh linn roimh ré.
Cainteanna Gailearaí
Gach mí is féidir leat bualadh le saineolaí ag Caint Gailearaí agus do chuid eolais a leathnú faoi shaol stair an dúlra. Tá na siúlóidí 30 nóiméad seo timpeall na ngailearaithe bunaithe ar ábhair a spreag na hainmhithe agus na hiontaisí ar taispeáint.
Tá an cead isteach saor in aisce, ní gá aon áirithint a dhéanamh agus bíonn na cainteanna ar siúl uair sa mhí ag meán lae. Tá eolas ar chaint na míosa seo san Fhéilire Imeachtaí.
Is iad seo a leanas cainteanna a bhí ann roimhe seo:
Dhá Zú Bhaile Átha Cliath le Catherine de Courcy, údar ar The History of Dublin Zoo
Mianraí don Saol leis an Dr. Matthew Parkes, coimeádaí geolaíoch in Ard-Mhúsaem na hÉireann
An Bhithéagsúlacht á Caomhnú agus Tábhacht na Músaem le Rob Gandola, éiceolaí foraoise báistí
Éin na hÉireann i Músaem Stair an Dúlra le Niall Hatch, Birdwatch Ireland
Cultúr á Cheiliúradh
Ceiliúir féilte séasúracha linn ag imeachtaí speisialta d'Fhéile na Bealtaine i mí na Bealtaine, An tSeachtain Oidhreachta i mí Lúnasa agus an Oíche Chultúir i mí Mheán Fómhair. Ar mhaith leat a fháil amach cad atá pleanáilte againn don bhliain seo?
An Eolaíocht á Ceiliúradh
Fiosraigh tuilleadh faoi stair an dúlra trí bhreathnú ar ár mbailiúcháin le linn gníomhaíochtaí chun comóradh a dhéanamh ar Lá Darwin i mí Feabhra, Lá Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta i mí na Bealtaine agus an tSeachtain Eolaíochta i mí na Samhna. Ar mhaith leat a fháil amach cad atá pleanáilte againn don bhliain seo?