Do Scoileanna Teanga

Faigh amach conas an tairbhe is fearr a bhaint as cuairt do ranga


 

 

Is féidir leis na scoláirí taispeántais d'ainmhithe, éin agus feithidí atá le fáil in Éirinn, ina measc cnámharlaigh iontacha d'Fhia Mór na hÉireann agus ainmhithe agus éin ón domhan ar fad.

Faoi láthair nílimid in ann turais threoraithe a chur ar fáil do Scoileanna Teanga agus mar sin is cuairteanna féintreoraithe iad na cuairteanna ar fad. Tabhair faoi deara go n-iarrtar ar Cheannaire an Ghrúpa fanacht leis an ngrúpa an t-am ar fad agus molaimid go mbeadh an cóimheas 1 go 15 idir na ceannairí agus scoláirí.

Tabhair fógra roimh ré den chuairt; déan áirithint.

 

Roinnt leideanna duit agus tú ag pleanáil do chuairte grúpa
 

Molaimid go ndéanfadh na grúpaí ar fad atá ar cuairt fhéintreoraithe roinnt oibre ullmhúcháin sa seomra ranga, go mbeadh tascanna acu le déanamh le linn na cuairte agus go mbeadh obair le déanamh i ndiaidh na cuairte sa seomra ranga.

  • Socraigh cad ba mhaith libh a fheiceáil roimh an gcuairt. Dírigh ar do chuairt trí bhreathnú ar leathanach na dtaispeántas.
  • Leis an áit ina bhfuil taispeántais ar leith a fheiceáil, íoslódáil plean urláir.
  • Faigh amach conas fáil anseo agus cén áit le hiompar poiblí a fháil nó le bus a pháirceáil.
  • Ná déan dearmad go bhfuilimid dúnta Dé Luain, féach ar ár n-uaireanta oscailte.
  • Seiceáil an fhaisnéis inrochtaineachta, níl aon ardaitheoir san fhoirgneamh.
  • Ná déan dearmad a chur in iúl dúinn go bhfuil sibh ag teacht ar cuairt agus cuir do ghrúpa in áirithe le hOifig na nÁirithintí; déan áirithint.

 

Ainmfhocail agus Briathra Neamhghnácha
 

Gheobhadh scoláirí amach go bhfuil go leor ainmfhocal agus briathra in úsáid i dtaispeántais an Mhúsaeim, nach mbeidís tar éis teacht orthu sna gnáthranganna Béarla. Cén fáth nach n-úsáideann tú cur síos na dtaispeántas, ar nós Fána na hÉireann, chun cabhrú leat na scoláirí a ullmhú sa seomra ranga sula dtéann siad ar cuairt?

 

Acmhainní do Scoileanna Teanga
 

Bileog Gníomhaíochta "An tAinmhí is Fearr Liom;

Íoslódáil plean urláir nó ár dtreoirleabhar den mhúsaem: