5 Chéim Éasca chun do Chuairt a Phleanáil

Foghlaim conas an tairbhe is fearr a bhaint as do chuairt scoile ar Mhúsaem Stair an Dúlra


1. Íoslódáil clár iomlán na scoileanna

Féach ar an gcaoi ina gcuidíonn réimse iomlán ár ngníomhaíochtaí agus ár n-acmhainní le príomhaidhmeanna an churaclaim:

2. Roghnaigh na dátaí agus amanna is fearr leat

Is fearr do chuairt a chur in áirithint ar a laghad dhá sheachtain roimh ré. Má dhéanann tú áirithint roimh ré is fearr an seans agat na dátaí agus na hamanna is rogha leat a fháil.

3. Déan teagmháil leis an Oifig Áirithintí

Líon amach Foirm Iarratais Áirithinte leis an dáta agus am is fearr leat, agus sonraí teagmhála.

De rogha air sin, cuir glaoch gutháin ar +353 (0)1 648 6453

Seol r-phost chugainn ag  bookings@museum.ie

Déanfaimid d'áirithint a phróiseáil agus seolfaimid Foirm Dheimhnithe chugat.

4. Bí ullamh

Bain an tairbhe is fearr as an Músaem le beagán ulllmhúcháin roimh an gcuairt.

D'fhéadfá freisin roinnt oibre togra i ndiaidh na cuairte a dhéanamh ar ais sa scoil.

5. Tar in am!

Bain taitneamh as, foghlaim agus faigh ionsparáid, agus ná déan dearmad ar d'Fhoirm Dheimhnithe Áirithinte!