Do Dhaoine Óga

Faigh amach cad atá ar fáil le fiosrú agus le déanamh, agus conas is féidir linn cabhrú le d'obair bhaile.


Natural History

Tá go leor rudaí le feiceáil agus le déanamh agat ag Zú na Marbh.

Mar shampla, is féidir leat iad seo a leanas a dhéanamh:

  • Sceitseáil tíogar nó iolar le do rang nó leat féin
  • Láimhseáil blaosc phíolótaigh nó cuimil broc inár gCrios Fionnachtana
  • Téigh sa tóir don eascann a thacht ar fhrog ar thuras
  • Léigh faoi na hainmhithe atá díreach feicthe agat sa Limistéar Léitheoireachta
  • Foghlaim tuilleadh faoin gcomhshaol agus na speicis atá i mbaol ar Chaint Gailearaí
     

An bhfuil tionscadal á dhéanamh agat?
 

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoinár mamaigh, éin, feithidí, éisc agus iontaisí ar líne. Nach bhfuil tú in ann teacht ar an bhfreagra ar ár láithreán gréasáin? Téigh i dteagmháil linn.

Nó an bhfuil spéis agat i..

  • Fáil amach Cad Atá Ar Siúl an mhí seo - cainteanna, turais agus taispeántais
  • Cuairt a thabhairt orainn
  • Taithí oibre a fháil? Féach ar ár mír Scoláirí & Intéirneachtaí, nó cuir ríomhphost chugainn.

An scoláire tríú leibhéal nó iarchéime thú?

Más gá duit rochtain a fhail ar an mbailiúchán le haghaidh do chuid taighde, téigh i dteagmháil lenár bhfoireann choimeádaíochta.