Tar Chuig Stair an Dúlra sa Charr

Féach ar mhapaí, eolas páirceála & treoracha tiomána chuig Sráid Mhuirfean i lár Bhaile Átha Cliath.


Oscail Google Maps chun treoracha tiomána mionsonraithe a fháil chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra..

Comhordanáidí GPS a úsáid

Má tá sat-nav nó aip mapála agat, is féidir leat an bealach isteach do choisithe ar Shráid Mhuirfean a aimsiú ag na comhordanáidí seo a leanas: 53.339722, -6.252100.

Parking

  • Tabhair faoi deara nach bhfuil aon áiseanna páirceála do chuairteooirí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann.
  • Is iad na carrchlóis phoiblí is cóngaraí ná Dawson agusSetanta.
  • De rogha air sin, tá páirceáil ar an tsráid (íoc le méadar) mórthimpeall ar Chearnóg Mhuirfean.
  • Tá spásanna páirceála ar fáil, do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil suaitheantas gorm acu, díreach síos an tsráid lasmuigh den Ghailearaí Náisiúnta ar Chearnóg Mhuirfean Thiar. Tá cinn ann freisin ar an taobh thoir de Shráid Dawson, taobhanna Thuaidh agus Thiar d'Fhaiche Stiabhna.