Baile / Stair an Dúlra / Eolas do Chuairteoirí / Áiseanna do Chuairteoirí

Áiseanna do Chuairteoirí

Eolas faoi áiseanna do chuairteoirí agus do thuismitheoirí agus faoi áiseanna inrochtana.


Tá ár bhfoireann eolach ar fáil chun cuidiú leat le ceisteanna ar bith a bheidh agat. Gheobhaidh tú cúnamh, má tá sé de dhíth ort, ag an Deasc Fáilte ar urlár na talún ag an bpríomhbhealach isteach.

Páirceáil

  • Níl aon pháirceáil ar fáil ar láthair an Mhúsaeim.
  • Tá páirceáil ar an tsráid (íoc le méadar) ar fáil díreach lasmuigh den Mhúsaem (Cearnóg Mhuirfean).
  • Is iad na carrchlóis phoiblí is cóngaraí náDawson agus Plás Setanta.
  • Tá spásanna páirceála ar fáil, do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil suaitheantas gorm acu, díreach síos an tsráid lasmuigh den Ghailearaí Náisiúnta ar Chearnóg Mhuirfean Thiar. Tá cinn ann freisin ar an taobh thoir de Shráid Dawson, taobhanna Thuaidh agus Thiar d'Fhaiche Stiabhna.

Seomra Cótaí

  • Faoi láthair, níl aon áiseanna do sheomra cótaí ar fáil.

Leithris

  • Tá leithreas inrochtana lonnaithe ar urlár na talún, in aice leis an mbealach isteach.
  • Tá leithris ar an gcéad urlár freisin, ach níl siad sin inrochtana do chathaoireacha rotha.

Áiseanna do Thuismitheoirí

  • Tá áiseanna friothála ar naíonáin ar fáil laistigh de na háiseanna leithris thíos staighre, in aice leis an mbealach isteach sa Mhísaem.
  • Is féidir naíchóistí a thógáil timpeall ar urlár na talún sa Mhúsaem (taispeántas Ainmhithe na hÉireann), ach tabhair faoi deara nach bhfuil aon ardaitheoirí chuig an gcéad urlár (taispeántas Mhamaigh an Domhain).
  • Is féidir naíchóistí a fhágáil ag bealach isteach an Mhúsaeim ar lánrogha an Mhúsaeim, ach níl sé seo indéanta i gcónaí, toisc go bhfuil an spás teoranta. Tá na húinéirí freagach as naíchóistí a fhágtar gan duine ina mbun. Téigh i dteagmháil leis an deasc Fáiltithe nuair a thagann tú le haghaidh tuilleadh eolais. 

Srianta Bagáiste

  • Toisc nach bhfuil aon áiseanna do sheomra cótaí ar fáil ag Stair an Dúlra, ní mholtar málaí droma móra, málaí móra nó cásanna a thabhart chuig an Músaem. 

Ardaitheoirí agus Rochtain ar na Gailearaithe

  • Tá na taispeántas ar urlár na talún (Ainmhithe na hÉireann), Spás na Fionnachtana, siopa an Mhúsaeim agus leithreas amháin inrochtana do chathaoireacha rotha.
  • Tabhair faoi deara nach bhfuil aon ardaitheoirí chuig an gcéad urlár (taispeántas Mhamaigh an Domhain agus an Seomra Léitheoireachta) agus nach bhfuil aon inrochtana do chathaoireacha rotha ar an gcéad urlár.
  • Tá rochtain ar an dara agus ar an tríú hurlár sa Mhúsaem dúnta faoi láthair.

Inrochtaine

Freastalaíonn an Músaem ar chuairteoirí le cumais éagsúla. Tabhair cuairt ar rannóg Inrochtana le haghaidh tuilleadh eolais.

Suíocháin

  • Tá suíocháin ar fáil sa Seomra Léitheoireachta.
  • Níl aon suíocháin ar fáil sna gailearaithe taispeántais, ach tá stólta soghluaiste ar fáil ach iad a iarraidh.
  • Mar thoradh ar áiseanna teoranta, ní chuirtear cathaoireacha rotha ar fáil ag an láthair seo.

Earraí Caillte

  • Má tá tú sa Mhúsaem, is féidir fiosruithe faoi earraí caillte a dhéanamh ag an deasc fáilte ar urlár na talún. 
  • Seachas sin, cuir glaoch ar +353 1 6777444.
Inrochtaineacht ag Stair an Dúlra

Inrochtaineacht ag Stair an Dúlra

Faigh amach faoi rochtain do dhaoine faoi mhíchumais gluaiseachta, amhairc agus éisteacha, chomh maith le páirceáil l suaitheantas gorm.

Scannánaíocht agus Grianghrafadóireacht

Scannánaíocht agus Grianghrafadóireacht

Léigh comhairle agus polasaithe an Mhúsaeim maidir le treallamh ilmheáin a úsáid ar an láthair.