Airm agus Cathéide

Faigh eolas faoi bhailiúchán an Mhúsaeim de chrua-earraí míleata, lena n-áirítear claimhte, piostail, muscaeid, airm uaithoibríocha, agus caithéide de chineálacha éagsúla.


Is éard atá sa bhailiúchán ná claimhte, piostail agus airm fhada, airm Éireannacha agus Shasanacha den chuid is mó a dhátaíonn ón 16ú go dtí an 20ú haois, le roinnt ón Eoraip agus ó SAM chomh maith.

Tá líon suntasach muscaed agus claimhte nach as an Iarthar iad ann chomh maith, a bailíodh sa 19ú haois. I measc na n-arm fada tá airm chlochthine, fhorbhuailte agus leathuathoibríocha. Tá roinnt gunnaí móra ann chomh maith. Is éard atá sna lanna ná claimhte, miodóga, beaignití, polairm, roinnt crosbhoghanna agus clubanna.