Baile / Bailiúcháin & Taighde / Bailiúcháin Ealaíne & Tionscail / Liosta na mBailiúchán Ealaíne & Tionscail / Áiseach / Bailiúchán Bhaile Átha Cliathach d’Ealaín na hÁise – Taispeántas Albert Bender

Bailiúchán Bhaile Átha Cliathach d’Ealaín na hÁise – Taispeántas Albert Bender

Foghlaim faoi bhailiúchán an Mhúsaeim d’Ealaín na hÁise agus a bhronntóir, an Gael-Mheiriceánach Albert Bender.


Bailiúchán Bhaile Átha Cliathach d’Ealaín na hÁise: D'oscail an Taispeántas Albert Bender in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin i mí na Samhna 2008.

Ó osclaíodh é tharraing sé aird an phobail (idir Éireannach agus idirnáisiúnta) ar an mbailiúchán an-tábhachtach seo d'ealaín na hÁise a tugadh don Ard-Mhúsaem ag an nGael-Meiriceánach iontach Albert Bender.

Bhí sé ar taispeáint san Ard-Mhúsaem i Sráid Chill Dara suas chomh fada leis na 1970í luatha ach is é seo an chéad taispeántas suntasach nua-aimseartha de réada ón mbailiúchán le breis agus tríocha bliain.

Is féidir leat roinnt de na samplaí iontach d'ealaín na hÁise atá ar taispeáint sa taispeántas trí na naisc anseo thíos, ach cén fáth go stopfa ansin? Tar agus féach ar an mbailiúchán álainn duit féin.