Baile / Bailiúcháin & Taighde / Bailiúcháin Ealaíne & Tionscail / Liosta na mBailiúchán Ealaíne & Tionscail / Troscán / Seomraí Athchruthaithe: Ceithre Chéad Bliain de Throscánaíocht

Seomraí Athchruthaithe: Ceithre Chéad Bliain de Throscánaíocht

Siúil trí Cheithre Chéad Bliain de Throscánaíocht Ón ré Sheoirseach do dearadh troscáin in Éire na linne seo.


Ceithre Chéad Bliain de Throscán

Trí chur síos ar amanna atá thart, lámh a leagan ar réada agus léamh faoin saol i rith na dtréimhsí atá i gceist, déanann Seomraí Athchruthaithe: Ceithre Chéad Bliain de Throscánaíocht forbairt an troscáin in Éirinn a rianadh ó 1600 go dtí an lá atá inniui ann. Tá gailearaí idirghníomhach ag gabháil leis a thugann cuireadh do chuairteoirí lámha a leagan ar chathaoireacha, iad a scrúdú agus a fhiosrú, agus foghlaim faoi dhearadh cathaoireacha le dhá chéad blian anuas.

Taispeánar an t-ábhar i sraith de shuíomhanna seomra, ón 17ú haois le troscán agus painéil dara, trí áille shnasta na hÉireann Seoirseach go dtí stíl ard na 19ú haois.

Léiríonn an taispeántas freisin roinnt den bhailiúchán troscáin idirnáisiúnta, nár taispeánadh le blianta fada. Tá na gailearaithe maisithe ag réada, ar nós teicstílí, gréithe airgid, gloine agus criadóireacht, ó bhailiúcháin eile.

Go dtí an lá atá innu ann

Féachann gailearaí troscáin na 20ú haois ar nua-aoiseachas na hÉireann ó 1900 go dtí an lá atá inniu ann. Tá troscán Éireannach ar taispeáint ó ghluaiseachtaí deartha éagsúla, Ealaíona agus Ceardaíocht, Ealaín Nua, seomra codlata Deco, go dtí stíl iomlán nua-aimseartha na 1950í. Taispeánann sé freisin saothar roinnt de dhearthóirí troscáin comhaimseartha na hÉireann agus na ndeileadóirí is túisce.

Trí chur síos ar amanna atá thart, lámh a leagan ar réada agus léamh faoin saol i rith na dtréimhsí atá i gceist, déanann an taispeántas seo forbairt an troscáin in Éirinn a rianadh ó 1600 go dtí an lá atá inniu ann. Tá gailearaí idirghníomhach ag gabháil leis a thugann cuireadh do chuairteoirí lámha a leagan ar chathaoireacha, iad a scrúdú agus a fhiosrú, agus foghlaim faoi dhearadh cathaoireacha le dhá chéad blian anuas.

Tá cead isteach saoir in aisce chuig an taispeántas seo agus é lonnaithe ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin. Tá sé suite ar an dara urlár i seomraí a Cúig agus a Sé.