Taispeántas Airgead na hÉireann

Féach ar an mbailiúchán airgid is mó de chuid na hÉireann sa domhan. Rianaigh ceird an ghabha ghil ón mBaróc den 17ú hAois luath go dtí an Athbheochan Cheilteach & an nua-aois.


Rianaíonn an taispeántas seo forbairt cheird na ngaibhne geala ón 17ú hAois Luath go dtí an lá atá inniu ann. Breathnaíonn sé ar éabhlóid an dearaidh in airgead agus ar mhianadóireacht, ar mheasúnú agus ar mhúnlú an mhiotail lómhair seo. Léiríonn sé freisin na húsáidí éagsúla d'airgead - reiligiúnach, teaghlaigh agus deasghnách agus trí fhínéid déantar iarracht na réada a chur ina gcomhthéacs stairiúil agus eacnamaíoch.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, An Chéad Urlár, An Bloc Theas, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7.

Stíleanna Eorpacha á Leanúint

Úsáidtear na téarmaí dearaidh ginearálta ‘Barócach’, ‘Rocócó’, ‘Nuachlasaiceach’, ‘Victeoiriach’ agus ‘Athbheochan Cheilteach’ chun an t-airgead a rangú go croineolaíoch. Léiríonn na píosaí a roghnaíodh chun na dearthaí seo a léiriú, gur thuig gaibhne geala na hÉireann an stíl Eorpach dearaidh lena linn féin – ar a mbealach féin.

Sainmharcanna i mBaile Átha Cliath agus i réigiúnacha eile

Ó bunaíodh é sa bhliain 1637, bhí smacht ag Comhar Gaibhne Óir Bhaile Átha Cliath ar ghaibhne geala agus chuir siad sainmharc ar phíosaí mar chomhartha caighdeáin. Toisc go raibh faitíos ar dhaoine go gcaillfí na miotail lómhara agus iad ar a mbealach go Baile Átha Cliath, bhí a sainmharcanna baile oifigiúla féin ag gaibhne geala in ionaid cosúil le Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Cionn tSáile agus Port Láirge.

Tháinig an bailiúchán náisiúnta airgid ó roinnt mhaith foinsí. Fuarthas roinnt píosa le hoidhreacht ó institiúidí a bhí ann níos luaithe, agus fuarthas cinn eile trí na ceannacháin agus tabhartais a rinne glúine de choimeádaithe i ndiaidh a chéile a mhaoirsiú.

An Dr. Kurt Ticher

Ach, táimid faoi chomaoin scoláireacht agus dhúthracht an bhailitheora, an Dr. Kurt Ticher, mar gheall ar an mbailiúchán náisiúnta. Ar na déantáin iontacha a bhí ina bhailiúchán bhí péire cupán airgeadaithe ina seasamh a rinne Edward Swan sa bhliain 1679 do Ghild Cheannaitheoirí Bhaile Átha Cliath agus na hearraí ollásacha a soláthraíodh i mBaile Átha Cliath do bhord maisiúcháin sna 1680idí.

Léiríonn airgead teaghlaigh an Bhantiarna Esmonde agus Iarla Bhaile an Mhuilinn an réimse gréithe airgid a bhí de dhíth don bhord le haghaidh an tae agus an dinnéir, chomh maith le déantáin cosúil le coinnleoirí agus lipéid fíona do dheacantair.