Aimsiú agus Riocht

Léigh faoin gcaoi ina dtangthas ar Shaltair an Fheadáin Mhóir agus mar a d'aithin foireann an Mhúsaeim é.


Fuair an tUasal Eddie Fogarty an leabhar tráthnóna an 20 Iúil 2006 nuair a bhí tochaltóir meicniúil á oibriú aige sa phortach san Fheadán Mór, i ngar do Bhiorra. Bhí ionadh ar an Uasal Fogarty nuair a chonaic sé an leabhar ag oscailt i mbuicéad a thochaltóra agus ansin thit sé isteach sa trinse, a bhí dhá mhéadar ar domhain, in aice leis an áit a raibh sé ag obair. Chuaigh sé i dteagmháil láithreach le húinéirí an phortaigh, Kevin agus Patrick Leonard, agus bhailigh siad na blúirí le chéile agus chlúdaigh siad le móin fhliuch iad sula ndeachaigh siad i dteagmháil le foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann. Bhí an t-ádh linn ar roinnt bealaí: gur mhair an leabhar in aon chor; go bhfuarthas é sna cúinsí seo; agus go bhfuair úinéirí na talún taiscí seandálaíochta cheana féin, go raibh suim acu sa stair áitiúil, agus go raibh a fhios acu ón taithí a bhí acu cheana féin cad ba chóir dóibh a dhéanamh leis lena chinntiú go gcaomhnófaí é fad agus a bhí sé fós sa phortach.

Thaistil foireann caomhnaithe agus seandálaíochta ón Músaem chuig an láithreán maidin lá arna mhárach agus chuair an méid a fuair siad ann ionadh orthu. Bhí sé soiléir láithreach ón litreoireacht a bhí fós ann agus ó na rianta den teorainn bhuí, a bhí le feiceáil ar barr na n-iarsmaí, go raibh siad ag plé le leabhar luath. Bhí an leabhar féin ar oscailt ar an gclúdach leathair. Bhí bail an réada ina cúis imní mhór áfach. Rinneadh cur síos air ag an am mar ‘cosúil le lasáinne’ agus ‘anraith aibítre’. Bhí sé soiléir go raibh fionnachtain fíorthábhachtach againn ach go raibh drochbhail air. Bhí úinéir na talún tar éis an leabhar a chur ar bhileog phlaisteach agus bhíomar in ann é seo a shleamhnú ar bhord chun é a thógáil amach as an trinse. Ansin chuireamar scannán cumhdaithe timpeall ar an réad agus rinneamar é a chásáil i mbindealáin roisín ‘cellocast’ chun é a imchochlú lena iompar ar ais chuig saotharlanna caomhnaithe an Mhúsaeim i mBaile Átha Cliath. I mBaile Átha Cliath, nochtadh an Saltair chomh fada agus ab’ fhéidir le haghaidh taifeadta, rinneadh taifeadadh air agus cuireadh sa stór é fad is a rinneamar cinneadh faoi cad a dhéanfaimis leis. Níor theastaigh uainn bithicídí a chur leis ar eagla go n-imoibreodh siad leis na dúigh agus líocha, agus dá ndéanfaí an leabhar a reo bheadh baol ann go meathfadh an veilleam. Mar sin rinneamar é a stóráil i gcuisneoir ag ceithre chéim ceinteagrád, é ina luí ar a leaba móna fliche ón láithreán agus clúdaithe i gclúdach roisín ‘cellocast’ múnlaithe dá imlíne le sraith idirghabhála de mylar sileacain. Brathann an modh seo, a nbhí luachmhar sa Mhúsaem chun coiir phortaigh a stóráil, ar bhithicídí nádúrtha in uisce an phortaigh le meath a chosc. Cé go bhfásfaidh múscán faoi dheireadh ar ábhar orgánach ar bith a stóráiltear leis an leabhar (mar shampla ceangail, lipéid, srl.), tá beagnach bliain imithe thart anois ón lá a fuarthas é agus tá na codanna den Saltair atá fós sa stór ag feitheamh ar chóireáil iomlán cobhsaí agus níl aon mhúscán ná meath le feiceáil orthu.. 

Thaispeáin scrúduithe go raibh an leabhar veillim ina Shaltair i bhformáid mhór a bhfuil méid fóilió thart ar 30cm x 26cm, agus cúig ghabháil aige. Fuarthas é ina luí leis an tríú gabháil ar oscailt, agus bhí cuid de Shalm 83 le feiceáil. Sa scrúdú luath fuarthas réimsí dathmhaisithe, go háirithe sa chuid a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarsmaí de leathanach dathmhaisithe le litreoireacht taispeána, a fuarthas trí bhloc an leabhair a éascú siar ón gclúdach go réidh. Is féidir é a dhátú go dtí an ochtú haois ó stíl na litreoireachta atá in úsáid, agus mar sin is é seo an chéad leabhar lámhscríbhinne Éireannach a fuarthas le breis agus 200 bliain. 

Ba léir, de réir mar a rinneadh an lámhscríbhinn a scrúdú agus mar a rinneadh a thábhacht a mheas, go mbeadh tionscadal caomhnaithe casta ag teastáil - ina ndéanfaí taifeadadh córasach agus díchóimeáil chun an méid faisnéise is féidir a fháil faoi de réir mar a chuaigh an chóireáil ar aghaidh. Tionscnaíodh tionscadal chun an próiseas seo a dhéanamh le grúpa stiúrtha ardleibhéil ó Leabharlann Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, agus lorgaíodh saineolaithe i ngnéithe éagsúla den obair le haghaidh comhairlithe de réir mar a tháinig ábhar a bhain lena réimsí chun cinn.