D’athraigh gníomhaíochtaí na feirme de réir an tséasúir. I dtús an earraigh réitíodh agus treabhadh an talamh faoi réir na mbarraí. Beirtear go leor uan agus laonna timpeall an ama seo.
I mBealtaine agus i Meitheamh, baineadh an mhóin mar bhreosla. Chuirtí eallach amach chun féarach. Ba é an féar tirim an chéad bharra a bhaintí. Bhíodh móin bhainte le hiompú chun í a thriomú. Chuirtí sprae ar fhataí chun iad a chosaint ó dhúchan.
Chuirtí tús le fómhar gránbharra i mí Lúnasa agus bhíodh na chéad fhataí réidh go gairid ina dhiaidh sin. I Meán Fómhair, thugtaí an mhóin abhaile. Bhaintí torthaí agus caora i Meán Fómhair agus i nDeireadh Fómhair, agus bhaintí barra fréimhe suas go dtí mí na Nollag.
Sa gheimhreadh, deisíodh sconsaí agus trealamh, agus glanadh draenacha. Cuireadh foscadh agus bia ar fáil d’eallach.
Céard a shocraigh an rogha ábhar tógála do theach?
Bhí tionchar ag an aimsir agus ag infhaighteacht na n-ábhar ar cad a d’úsáidtí chun teach a thógáil, agus dá bharr sin ar stíl na dtithe, i ngach ceantar. Scriosadh foraoiseacha na hÉireann san cheithre chéad bliain roimhe sin, agus mar sin ní raibh adhmad ar fáil go flúirseach. Ba é an t-aon foinse adhmad tógála a bhí ag formhór na ndaoine ná an t-adhmad a fuarthas sna portaigh nó ar an gcladach. Mar sin, bhí feirmeoirí bochta ag brath ar ábhair eile a bhí ar fáil go háitiúil, cosúil le cloch, fód agus cré, chun a dtithe a thógáil.
Céard é an Carghas?
Is tréimhse cleachtaidh reiligiúnach atá sa Charghas, a bhíonn ar siúl roimh an gCáisc. Maireann sé go hiondúil ar feadh 40 lá agus cuirtear tús leis ar Chéadaoin an Luaithrigh.
In Éirinn, bhí troscadh agus tréanas ar siúl i rith an Charghais agus sheachnaítí feoil, uibheacha agus táirgí déiríochta.
Roimh tréanas an Charghais, d'ití an bia ar fad a bhí le cosc, chun an méid a bhí fágtha a úsáid. Ar Mháirt na hInide, an lá roimh an gCarghas, dhéantaí pancóga chun uibheacha, im agus bainne a ídiú.
Céard é buaileadh agus cén chaoi ar tugadh faoi?
Ciallaíonn ‘buaileadh’ go mbuailtí an t-arbhar chun an síol gráin inite a scaradh ón ngas do-ite. D’fhéadfaí é a bhualadh in aghaidh carraige, nó le maidí ceangailte ar a dtugtar ‘súistí’. Rinneadh meicniú ar an bpróiseas le hinnealra lámhoibrithe agus níos déanaí le meaisíní beilt-tiomáinte a bhí á n-oibriú ag inneall gaile nó ag tarracóir. Níos déanaí fós dhéanadh comhbhuainteoirí an obair i bpróiseas iomlán le baint agus cáitheadh an arbhair.
Céard é lá ceann ráithe?
Thugtaí lá ceann ráithe ar an gcéad lá de gach séasúr. Ba é Lá Fhéile Bríde, an 1ú lá d'Fheabhra, tús an earraigh; ba é an 1ú lá de Bhealtaine, tús an tsamhraidh; ba é an 1ú Lúnasa, tús an fhómhair agus ba é an 1ú de Shamhain, tús an gheimhridh.
Amanna tábhachtacha a bhí iontu seo sa bhféilire feirmeoireachta, agus léiríonn siad leanúnachas i gcustaim féilire ó aimsir na bpágánach.
Céard í an chailleach?
Ag deireadh an fhómhairt dheintí rud ar a dtugtaí cailleach, ag baint úsáide as an bpunann deiridh. Thugtaí é sin do bhean an tí agus chrochtaí é oc ionn an bhoird ag béile chun an fómhar a cheiliúradh.
Measadh go raibh spiorad sa chailleach a chónaigh san fhásra agus a d'fhéadfaí a choilsteáil ag bogadh thart i rith an fhómhair.
Céard iad earraí spúinse?
Is potaireacht le patrún iad earraí spúinse a bhí forleathan i ndeireadh an 19ú hAois, de réir mar a mhéadaigh rathúnas an phobail i gcoitinne. Bhí mugaí, plátaí agus babhlaí ar fáil a raibh patrúin spúinse orthu, agus cé go raibh corp an earra i bhfad níos gairbhe ná poirceallán fíneálta na seomraí bia níos saibhre, bhí na patrúin dathúla geala an-tarraingteach.
Ní mórán píosaí a bhfuil marc an déantóra orthu; ceaptar go ndearnadh go leor de na cré-earraí i Sasana agus in Albain, cé go bhfuil a fhios againn gur tháirg potaireachtaí Bhéal Leice (Belleek) agus an Inbhir Mhóir earraí spúinse.
Céard iad na cineálacha adhmaid a d’úsáidtí chun troscán tuaithe na hÉireann a dhéanamh?
Is iondúil gur as péine a dhéantaí troscán tuaithe na hÉireann. Bhí tóir air mar adhmad a bhí saor, seasmhach agus éasca a shaothrú, agus mar sin bhí níos mó fáil ag pobal na tuaithe air. Ba mhinic go bpéinteáiltí troscán péine; phéinteáiltí cuid acu suas le dhá uair in aghaidh na bliana ar mhaithe le maisiúchán agus sláintíocht. Is minic a bhíonn an péine i sean-phíosaí troscáin clúdaithe ag cótaí péinte.
Céard iad na cineálacha díonta tuí a bhí ann?
Bhí tionchar ag an ábhar a úsáideadh chun tuí a chur ar dhíon ar a chaighdeán agus ar a chuma. Bhí saolré fada ag cruithneacht agus ag seagal araon. Bhí éileamh ar leith ar chruithneacht mar go bhfuil sé glan, ar chomhfhad agus éasca a ullmhú. Mura mbíodh fáil ar chruithneacht nó ar sheagal, bhaineadh an tuíodóir úsáid as an snáithín ab fheiliúnaí a bhí ar fáil - coirce, eorna, giolcacha, luachra, líon nó muiríneach. Bhí éagsúlacht sna teicnící tuíodóireachta ó réigiún go réigiún agus tionchar aige seo ar chuma agus ar cháilíocht na ndíonta críochnaithe.
Céard iad na hábhair a d’úsáid daoine chun a dtithe a thógáil?
Roimh an 20ú hAois, d’úsáid formhór na ndaoine cloch nó cré chun ballaí a gcuid tithe a thógáil. Bhí tóir níos mó ar chloch toisc í bheith níos buine, ach más rud é nach raibh fáil irthi go háitiúil, bhaintí úsáid as cré (láb) ina háit. Bhí níos mó fáil ar chloch sa tuaisceart agus san iarthar, agus bhí cré níos coitianta san oirthear agus san oirdheisceart, ach bhí tithe déanta as an dá ábhar scaipthe ar fud an oileáin. Chlúdaítí ballaí go minic le haoldath déanta as aol nó as sliogáin. Is tithe sealadacha a bhíodh i dtithe fóid (scraithe), a thóg oibrithe a bhog ó cheantar amháin go ceantar eile ag lorg oibre.
Céard iad na hábhair eile a d'úsáidtí chun díon a chur ar theach?
Nuair a bhí fáil ar an ábhar go háitiúil, bhí níos mó tóir ag feirmeoirí ar chlocha ná ar tuí, rud a d’fhág go raibh tréithe ar leith ag tithe i gceantair áirithe sa tír. Bhí díon leaca gaineamhchloiche áitiúil ar thithe i Lios Ceannúir, Co. an Chláir, agus úsáideadh slinnte ar thithe chomh fada óna chéile le Dún na nGall, Maigh Eo, Port Láirge, Corcaigh agus Tiobraid Árann. San 20ú hAois, thosaigh leatháin iarainn rocacha ag teacht in áit díonta cloiche agus tuí.
Céard iad na huirlisí a úsáidtear chun tuí a chur ar theach?
Is iad na príomh-uirlisí a úsáidtear ná an leggat, tuairgnín, scian, deimheas caorach, agus dréimire. Feidhmíonn bioráin ghiolcaigh mar uirlisí teannais sealadacha. Úsáidtear snáthaid fuála agus stoppler agus sáiteachán freisin.
Céard iad na Péindlíthe?
Is éard a bhí sna Péindlithe ná sraith de dhlithe a achtaíodh idir 1691 and 1727. D’fhág siad seo gur cuireadh adhradh na gCaitliceach faoi chois agus gur cuireadh cosc orthu a bheith i seilbh oifig pholaitíochta. B’éigean mar sin aifrinn agus adhradh na gCaitliceach a chur ar bun go discréideach, nó fiú amháin faoi rún.
Mar sin, bhí cros na bpéindlíthe ann, a bhí caol agus a d’fhéadfaí a iompar i muinchille, agus d’úsáidtí cloch altóra agus carraig Aifrinn chun ionad adhartha sealadach a chur in iúl.
Céard iad na príomh-theicnící iascaireachta traidisiúnta a bhí ann?
Bhíodh iascaireacht le dorú seachas iascaireacht le líonta ar siúl ag na báid bheaga, cosúil le curacha. Uaireanta, bhaintí úsáid as línte fada, "spiléir", a d'fhéadfadh a bheith na céadta méadar ar fhad. Bhíodh báid bheaga i mbun iascaireachta potaí i gcomhair gliomaigh freisin.
Bhí báid níos mó níos oiriúnaí do líonta. Bhí líonta áirithe a d’fhágtaí chun dul le sruth sa bhfarraige, d’úsáidtí cuid eile chun scoileanna a ghabháil i gcineál sparáin. Ba iad na báid mhóra chumhachtaithe ba mhó a d’fhorbair trálaeireacht.
Céard iad na tosca eile a thóg daoine san áireamh agus iad ag tógáil a dtithe?
Bhí tionchar ag cúinsí an tírdhreacha ar an gcaoi a thóg daoine a gcuid tithe. Mar shampla, chuir stoirmeacha an Atlantaigh isteach ar na daoine a mhair ar chósta an iarthair, agus thóg siad a gcuid tithe leis na ballaí cúil láidre ar thaobh na farraige. Thóg siad an foirgneamh i bhfoscadh gleanna nuair a bhí an deis sin acu
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi ghairmeacha agus gníomhaíocht tráchtála thraidisiúnta na hÉireann?
Bíonn stair áitiúil na mbailte agus na gcontaetha ina foinse eolais áisiúil maidir le gníomhaíochtaí tráchtála agus siopaí an cheantair.
Tugann Thom’s Directory of Ireland (a fhoilsítear go bliantúil) liosta de ghnólachtaí a bhí i mbun oibre, agus a gcuid seoltaí.
Foilseacháin
-
W.H. Crawford (instruction by), Industries of the North, one hundred years ago: industrial and commercial life in the North of Ireland, 1888-91, Friar's Bush Press, Belfast, 1986.
-
Eric G. Ayto, Clay Tobacco Pipes, Shire Publications, 1979.
-
J.T. Graham, Scales and Balances, Shire Publications, 1981.
-
W.A. Jackson, The Victorian Chemist and Druggist, Shire Publications, 1981.
-
Richard Tames, The Victorian Public House, Shire Publications, 2003.
-
Laura Mason, Sweets and Sweet Shops, Shire Publications, 1999.
-
Roger Putman, Brewing and Breweries, Shire Publications, 2004.
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi iascaireacht agus faoi sheilg thraidisiúnta na hÉireann?
Músaeim Gaolta
Liosta Léitheoireachta
-
Séamas Mac An Iomaire, Cladaí Chonamara, An Gúm, Baile Átha Cliath 1985. aistrithe ag P. de Bhaldraithe go The Shores of Connemara , Kinvara 2000.
-
C. Mac Carthaigh, ‘An tSaighneoireacht in Iarthar Chiarraí,’ in An Fharraige, Iris na hOidhreachta 5, An Daingean 1993.
-
Eiblhlín Ní Mhurchú – An tIascach a bhí – Céad Bliain , Mícheál Ó Cíosáin (eag), Baile an Fhirtéaraigh 1973, 194-212.
-
Críostóir Mac Carthaigh – Shark Hunting in Ireland, Maritime Life and Traditions, No 13, 2-15.’
-
Anne O’Dowd, ‘Resources of Life: Aspects of Working and Fishing on the Aran Islands in Book of Aran (194-220), ed Anne Korff et al, Kinvara.
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi Mhiotalóireacht Baile, Gaibhneoireacht agus Earraí Spúinse?
-
David Shaw-Smith (Editor) Traditional Crafts of Ireland, Thames and Hudson, London, 2003.
-
Aldren A. Watson, The Village Blacksmith, Thomas Y. Crowell Company, New York, 1977.
-
Jocelyn Bailey, The Village Blacksmith, Shire Publications, 1977.
-
Olive Sharkey, Ways of Old: Traditional Life in Ireland, O’Brien Press, 1985, 2000.
-
Olive Sharkey, Old Days, Old Ways: An Illustrated Folk History of Ireland, O’Brien Press, 1985.
-
Jaqueline Fearne, Domestic Bygones, Shire Publications.
-
Henry E. Kelly, Dorothy E. Kowalsky, Arnold A. Kowalsky, Spongeware 1835-1935, Makers, Marks and Patterns, Schiffer, Surrey, 2001.
-
Gillian Neale, Miller’s Encyclopedia of British Transfer-Printed Pottery Patterns 1790-1930, Millers, London, 2005.
-
Arnold A. Kowalsky, Dorothy E. Kowalsky, Encyclopedia of marks on American, English, and European earthenware, ironstone and stoneware (1780-1980) makers, marks, and patterns in blue and white, historic blue, flow blue, mulberry, romantic transferware, tea leaf, and white ironstone, Schiffer, Atglen, PA, 1999.
-
Thomas Plowman, Craft Pottery, Shire Publications, 1976/1980.
-
A.A.C. Hedges, Bottles and Bottle Collecting, Shire Publications, 1975.
-
Richard Hayman, Wrought Iron, Shire Publications, 2000.
-
Charles Hull, Pewter, Shire Publications, 1992.
-
David Sekers, The Potteries, Shire Publications, 1999.
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi Nósanna Creidimh agus Féilire na hÉireann?
-
Augusteijn, J. (ed) (1999). Ireland in the 1930s: New Perspectives. Four Courts Press, Dublin.
-
Butler, A. and Burns, P. (2000). Butler’s Lives of the Saints. The Liturgical Press, Collegeville, Minnesota.
-
Carroll, D. (1999). Religion in Ireland: Past, Present and Future. Columba Press, Dublin.
-
Cronin, M. and Adair, D. (2002). The Wearing of the Green: A History of St Patrick’s Day. Routledge, London.
-
Danaher, K. (1972). The Year in Ireland: Irish Calendar Customs. Mercier Press, Cork.
-
Donelly, J.S. and Miller, K.A. (eds). Irish Popular Culture 1650-1850. Irish Academic Press, Dublin.
-
Evans, E.E. (1957). Irish Folk Ways. Routledge and Kegan Paul, London.
-
Fallon, B. (1998). An Age of Innocence: Irish Culture 1930-1960. Gill and Macmillan, Dublin.
-
Farmer, D. (2004). Oxford Dictionary of Saints. Oxford University Press, Oxford.
-
Hughes, H. (1991). Croagh Patrick: An Ancient Mountain Pilgrimage. Harry Hughes, Westport, Co. Mayo.
-
Marshall, R. (2003). Celebrating Irish Festivals: Calendar of Seasonal Celebrations. Hawthorn Press, Gloucestershire.
-
McMahon, S and O’Donoghue, J. (2004.) Brewer’s Dictionary of Irish Phrase and Fable. Weidenfeld & Nicholson, London.
-
O’Loughlin, T. (1999). St Patrick: The Man and His Works. Triangle, London.
-
Roe, H.M. (1976). The cult of St Michael in Ireland. In: C. Ó Danachair (ed.) Folk and Farm. Royal Society of Antiquaries of Ireland, Dublin.
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi thalmhaíocht thraidisiúnta na hÉireann?
Músaeim Gaolta
-
Teach Mhucrois, Gáirdíní agus Ferimeacha Traiidisiúnta
-
Caisleán agus Daonpháirc Bhun Raite
-
Músaem Dhaonpháirc Shligigh i bhfeirmeoireacht agus saol traidisiúnta na hEireann
-
Músaem Uladh Daonna agus Iompair
-
Daonpháirc Uladh Mheiriceá
Liosta Léitheoireachta
-
Jonathan Bell and Mervyn Watson, Irish Farming, John Donald, Edinburgh, 1986
-
John Feehan, Farming in Ireland, UCD Dublin 2004
-
Olive Sharkey, Old Ways, Old Ways. O’Brien, BAC 1985 7 ó shin
-
Estyn Evans, Irish Folk Ways, Londain 1957
-
Lucas, A.T. ‘Furze, a survey and history of its uses in Ireland’, Béaloideas 26, 1-203
-
Ní Chinnéide, M agus Cussen, C. Bainne na Bó: bainne agus bánbhianna in Éirinn ó thús aimsire. BAC 1986
-
Majella Flynn, Harvest, A History of Grain Growing, Macroom 1996
-
Ó Fiannachta, Pádraig (ed). An Bhó. Iris na hOidhreachta 4, Baile an Fheirtéaraigh, 1992
-
Ó Danachair, Caoimhín. ‘The Spade in Ireland’, Béaloideas 31, 98-113
-
O'Neill, Tim, ‘Machinery on Irish Farms 1700-1981', in Gold Under the Furze, Gailey, Alan, Ó hÓgáin, Dáithí (eds)
-
Séamas Mac Philib, ‘Folk Tradition and the Rural Environment’ in F. Mitchell (ed.), The Book of the Irish Countryside, 262-8. Town House/Blackstaff Press, Belfast 1987
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach?
-
Claudia Kinmonth, Irish Country Furniture, 1700-1950, Yale University Press, London, New Haven, 1993
-
Nicholas Loughnan, Irish Country Furniture, Irish Heritage Series no. 46, Eason & Son Ltd., Dublin, 1984
-
John Teahan, Irish Furniture and Woodcraft, Country House in association with the National Museum of Ireland, Dublin, 1994
-
Claudia Kinmonth, Irish Rural Interiors in Art, Yale University Press, London, New Haven, 2006
-
The Knight of Glin & James Peil, Irish Furniture: Woodwork and Carving in Ireland from the Earliest Times to the Act of Union, Yale University Press, London, 2007
-
David Shaw-Smith (Editor) Traditional Crafts of Ireland, Thames and Hudson, London, 2003.
-
Ken Kilby, Coopers and Coopering, Shire Publications, 2004.
Cén chaoi a chuir Ard-Mhúsaem na hÉireann a bhailiúchán troscáin le chéile?
Bhailigh Coimisiún Béaloideasa Éireann roinnt nithe sna 1930idí, ach fuarthas an chuid is mó de le linn “glanadh” na dtithe sna 1960idí. Fuarthas go leor píosaí eile ó bhailitheoirí príobháideacha ó na 1970idí go dtí na 1990idí.
Cén chaoi a ndéantar earraí spúinse?
Gearrtar patrún isteach sa spúinse, agus tumtar i ndath é. Cuirtear é seo ar phíosa potaireachta atá bácáilte i mbísc, tumtar i nglónra ansin é agus bácáiltear arís é.
Cén cineál dín a bhí ar thithe traidisiúnta na hÉireann?
Tógadh dhá chineál dín traidisiúnta. Téann díon gabhal éadain timpeall ar cheithre thaobh an tí agus tá cuma cuartha air. Tá díon beannach níos géire, agus tá taobhanna triantánacha aige (na beanna). Cé gur tógadh díonta gabhail ar fud na tíre, bhí siad níos coitianta sa deisceart agus san oirthear. Díonta beannacha is mó a bhí sa tuaisceart agus san iarthar.
Cén cineál gloine a bhailítear i gcomhair bhailiúchán Shaol Tíre na hÉireann?
Díríonn bailiúchán gloine Shaol Tíre na hÉireann ar shamplaí a léiríonn úsáid laethúil - buidéil, gloiní ólacháin agus gabhdáin - seachas gloine mhaisiúil, cosúil le deacantair.
Cén cineál obair iarainn a rinne an gabha áitiúil a d’úsáidtí sa teach?
Chuir an gabha réimse leathan earraí agus seirbhísí ar fáil don phobal áitiúil. Rinne sé agus dheisigh sé réimse leathan earraí a d’úsáidtí sa teach, cosúil le tóstaer aráin coirce agus aráin, coimeádaithe soilse, forc pota, seastáin cruachain, foirc tóstála, citil, greillí, potaí, gridillí agus pannaí, agus feistis agus craein teallaigh.
Is minic a léirigh gabha a scil trí ornáidíocht mhaisitheach a chur ar a chuid oibre, rud a chur cuma dheas ar earraí an tí.
Cén cineál réada eile a d’úsáidtí i dtithe in Éirinn?
Sular tosaíodh ag úsáid cré-earraí go forleathan inár dtithe, d’úsáidtí réimse ábhair eile chun réimse gabhdáin agus uirlisí tí a dhéanamh. Tá uirlisí déanta as adhmad, adharc agus cnámh sa taispeántas; chomh maith le soithí copair, péatair agus stáin
Bhaintí úsáid as pigíní agus as naigíní adhmaid plancthógtha sa bhaile freisin, ina gcuirtí leachtanna.
Cén uair a bhíonn Lá Fhéile Bríde ann?
Titeann Lá Fhéile Bríde ar an 1ú Feabhra, an chéad lá den Earrach agus an chéad lá de bhliain an fheirmeora. Dhéantaí Cros Bhríde agus chrochtaí sa teach, sa chró agus sa stábla í chun ómós a thabhairt don naomh agus chun cosaint a fháil uaithi. Dhéantaí cros trí chosach agus cros ceithre chosach, as luachair go hiondúil.
Cén uair a bhíonn Lá Fhéile Pádraig ann?
Titeann Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta, agus is lá saoire náisiúnta agus lá saoire eaglasta é. Ceiliúradh is ea é ar Naomh Pádraig, duine d'éarlaimh na hÉireann a rugadh i mBreatain na Róimhe agus a deirtear a thug an Chríostaíocht go hÉirinn sa chúigiú hAois.
Ba ghnách crosa Phádraig a chaitheamh ar an lá sin, agus seamróg freisin. Deirtear gur úsáid Naomh Pádraig an planda trí-dhuilleogach seo chun an Tríonóid Naofa a mhíniú do na Gaeil.
Cén uair a stopadh ag baint úsáide as réada den chineál sin i dtithe Éireannacha?
Nuair a thosaigh feabhas ag teacht ar chúinsí maireachtála sna haicmí ísle agus sna meán-aicmí sa tsochaí i rith an 20ú hAois, fuarthas réidh le go leor réada laethúla a rinneadh go háitiúil - potaí, pannaí, uirlisí copair, stáin agus adhmaid, agus tosaíodh ag baint úsáide as cinn a ceannaíodh sna siopaí.
Fuair an Músaem go leor de na réada a bhfuarthas réidh leo sna blianta ina dhiaidh sin.
Cén uirlis ba choitianta ar an bhFeirm in Éirinn?
Braitheann sé ar an bhfeirm, ach ba é an spád an uirlis aonair ba choitianta agus bhí sé le fáil ar an bhfeirm is lú. Bhí an-éagsúlacht áitiúil i spáda in Éirinn, agus cuireadh in oiriúint iad chun fataí a chur agus chun iomairí a dhéanamh. Scaip spáda le dhá thaobh ón tuaisceart agus ón oirthear agus ba i muilte spáda is mó a táirgeadh iad seo. Bhí ‘láí’ le taobh amháin níos coitianta san iarthar agus san iardheisceart agus gaibhne is mó a rinne iad seo. Níl ach an cineál leis an dá thaobh á ndéanamh anois. Bhí spád speisialta ar a dtugtar ‘sleán’ ann freisin chun móin a bhaint mar bhreosla.