D’athraigh gníomhaíochtaí na feirme de réir an tséasúir. I dtús an earraigh réitíodh agus treabhadh an talamh faoi réir na mbarraí. Beirtear go leor uan agus laonna timpeall an ama seo.
I mBealtaine agus i Meitheamh, baineadh an mhóin mar bhreosla. Chuirtí eallach amach chun féarach. Ba é an féar tirim an chéad bharra a bhaintí. Bhíodh móin bhainte le hiompú chun í a thriomú. Chuirtí sprae ar fhataí chun iad a chosaint ó dhúchan.
Chuirtí tús le fómhar gránbharra i mí Lúnasa agus bhíodh na chéad fhataí réidh go gairid ina dhiaidh sin. I Meán Fómhair, thugtaí an mhóin abhaile. Bhaintí torthaí agus caora i Meán Fómhair agus i nDeireadh Fómhair, agus bhaintí barra fréimhe suas go dtí mí na Nollag.
Sa gheimhreadh, deisíodh sconsaí agus trealamh, agus glanadh draenacha. Cuireadh foscadh agus bia ar fáil d’eallach.
Céard é buaileadh agus cén chaoi ar tugadh faoi?
Ciallaíonn ‘buaileadh’ go mbuailtí an t-arbhar chun an síol gráin inite a scaradh ón ngas do-ite. D’fhéadfaí é a bhualadh in aghaidh carraige, nó le maidí ceangailte ar a dtugtar ‘súistí’. Rinneadh meicniú ar an bpróiseas le hinnealra lámhoibrithe agus níos déanaí le meaisíní beilt-tiomáinte a bhí á n-oibriú ag inneall gaile nó ag tarracóir. Níos déanaí fós dhéanadh comhbhuainteoirí an obair i bpróiseas iomlán le baint agus cáitheadh an arbhair.
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi thalmhaíocht thraidisiúnta na hÉireann?
Músaeim Gaolta
-
Teach Mhucrois, Gáirdíní agus Ferimeacha Traiidisiúnta
-
Caisleán agus Daonpháirc Bhun Raite
-
Músaem Dhaonpháirc Shligigh i bhfeirmeoireacht agus saol traidisiúnta na hEireann
-
Músaem Uladh Daonna agus Iompair
-
Daonpháirc Uladh Mheiriceá
Liosta Léitheoireachta
-
Jonathan Bell and Mervyn Watson, Irish Farming, John Donald, Edinburgh, 1986
-
John Feehan, Farming in Ireland, UCD Dublin 2004
-
Olive Sharkey, Old Ways, Old Ways. O’Brien, BAC 1985 7 ó shin
-
Estyn Evans, Irish Folk Ways, Londain 1957
-
Lucas, A.T. ‘Furze, a survey and history of its uses in Ireland’, Béaloideas 26, 1-203
-
Ní Chinnéide, M agus Cussen, C. Bainne na Bó: bainne agus bánbhianna in Éirinn ó thús aimsire. BAC 1986
-
Majella Flynn, Harvest, A History of Grain Growing, Macroom 1996
-
Ó Fiannachta, Pádraig (ed). An Bhó. Iris na hOidhreachta 4, Baile an Fheirtéaraigh, 1992
-
Ó Danachair, Caoimhín. ‘The Spade in Ireland’, Béaloideas 31, 98-113
-
O'Neill, Tim, ‘Machinery on Irish Farms 1700-1981', in Gold Under the Furze, Gailey, Alan, Ó hÓgáin, Dáithí (eds)
-
Séamas Mac Philib, ‘Folk Tradition and the Rural Environment’ in F. Mitchell (ed.), The Book of the Irish Countryside, 262-8. Town House/Blackstaff Press, Belfast 1987
Cén uirlis ba choitianta ar an bhFeirm in Éirinn?
Braitheann sé ar an bhfeirm, ach ba é an spád an uirlis aonair ba choitianta agus bhí sé le fáil ar an bhfeirm is lú. Bhí an-éagsúlacht áitiúil i spáda in Éirinn, agus cuireadh in oiriúint iad chun fataí a chur agus chun iomairí a dhéanamh. Scaip spáda le dhá thaobh ón tuaisceart agus ón oirthear agus ba i muilte spáda is mó a táirgeadh iad seo. Bhí ‘láí’ le taobh amháin níos coitianta san iarthar agus san iardheisceart agus gaibhne is mó a rinne iad seo. Níl ach an cineál leis an dá thaobh á ndéanamh anois. Bhí spád speisialta ar a dtugtar ‘sleán’ ann freisin chun móin a bhaint mar bhreosla.