Tá an bailiúchán seo ar an gceann is cuimsithí atá ar fáil in aon áit de bháid dúchasacha na hÉireann. Tá 32 bád ann, ar báid rámhaíochta iad ar fad; seachas bád seoltóireachta gleoiteog. Is báid chraicinn iad naoi gcinn déag de na báid atá ar taispeáint – ‘curacha’, dhá churach ó Abhainn na Bóinne ina measc. I measc na mbád eile tá cúig ‘chliabhán’ réthónach fionnuisce, agus ocht mbád dúchasach adhmaid fionnuisce/inbhearach, chomh maith le rafta luachair ó Abhainn an tSuca.
Tá 31 bád mionsamhla sa bhailiúchán freisin. Is mionsamhlacha d’árthaí dúchasacha Éireannacha is mó atá ann, ach tá roinnt cineálacha eile ann, cosúil le báid seoltóireachta.