Ceisteanna Coitianta faoi Mhiotalóireacht Baile agus Réada Teaghlaigh
Foghlaim tuilleadh faoi bhailiúchán an Mhúsaeim de mhiotalóireacht baile
- Ar úsáideadh píosaí ceirmeacha agus cré-earraí i gcomhair ithe agus ól ó lá go lá?
- Céard iad earraí spúinse?
- Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi Mhiotalóireacht Baile, Gaibhneoireacht agus Earraí Spúinse?
- Cén chaoi a ndéantar earraí spúinse?
- Cén cineál gloine a bhailítear i gcomhair bhailiúchán Shaol Tíre na hÉireann?
- Cén cineál obair iarainn a rinne an gabha áitiúil a d’úsáidtí sa teach?
- Cén cineál réada eile a d’úsáidtí i dtithe in Éirinn?
- Cén uair a stopadh ag baint úsáide as réada den chineál sin i dtithe Éireannacha?
Ar úsáideadh píosaí ceirmeacha agus cré-earraí i gcomhair ithe agus ól ó lá go lá?
Bhí píosaí ceirmeacha cosúil le plátaí le patrún saileach agus mugaí agus babhlaí earraí spúinse á n-úsáid go laethúil, ach bhí an-tábhacht ag baint leo mar gheall ar a bhfeidhm mhaisitheach, agus bhí siad breá feiceálach ar an drisiúr. Léiriú a bhí i maisiú an drisiúir ar shaibhreas an teaghlaigh
Céard iad earraí spúinse?
Is potaireacht le patrún iad earraí spúinse a bhí forleathan i ndeireadh an 19ú hAois, de réir mar a mhéadaigh rathúnas an phobail i gcoitinne. Bhí mugaí, plátaí agus babhlaí ar fáil a raibh patrúin spúinse orthu, agus cé go raibh corp an earra i bhfad níos gairbhe ná poirceallán fíneálta na seomraí bia níos saibhre, bhí na patrúin dathúla geala an-tarraingteach.
Ní mórán píosaí a bhfuil marc an déantóra orthu; ceaptar go ndearnadh go leor de na cré-earraí i Sasana agus in Albain, cé go bhfuil a fhios againn gur tháirg potaireachtaí Bhéal Leice (Belleek) agus an Inbhir Mhóir earraí spúinse.
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi Mhiotalóireacht Baile, Gaibhneoireacht agus Earraí Spúinse?
-
David Shaw-Smith (Editor) Traditional Crafts of Ireland, Thames and Hudson, London, 2003.
-
Aldren A. Watson, The Village Blacksmith, Thomas Y. Crowell Company, New York, 1977.
-
Jocelyn Bailey, The Village Blacksmith, Shire Publications, 1977.
-
Olive Sharkey, Ways of Old: Traditional Life in Ireland, O’Brien Press, 1985, 2000.
-
Olive Sharkey, Old Days, Old Ways: An Illustrated Folk History of Ireland, O’Brien Press, 1985.
-
Jaqueline Fearne, Domestic Bygones, Shire Publications.
-
Henry E. Kelly, Dorothy E. Kowalsky, Arnold A. Kowalsky, Spongeware 1835-1935, Makers, Marks and Patterns, Schiffer, Surrey, 2001.
-
Gillian Neale, Miller’s Encyclopedia of British Transfer-Printed Pottery Patterns 1790-1930, Millers, London, 2005.
-
Arnold A. Kowalsky, Dorothy E. Kowalsky, Encyclopedia of marks on American, English, and European earthenware, ironstone and stoneware (1780-1980) makers, marks, and patterns in blue and white, historic blue, flow blue, mulberry, romantic transferware, tea leaf, and white ironstone, Schiffer, Atglen, PA, 1999.
-
Thomas Plowman, Craft Pottery, Shire Publications, 1976/1980.
-
A.A.C. Hedges, Bottles and Bottle Collecting, Shire Publications, 1975.
-
Richard Hayman, Wrought Iron, Shire Publications, 2000.
-
Charles Hull, Pewter, Shire Publications, 1992.
-
David Sekers, The Potteries, Shire Publications, 1999.
Cén chaoi a ndéantar earraí spúinse?
Gearrtar patrún isteach sa spúinse, agus tumtar i ndath é. Cuirtear é seo ar phíosa potaireachta atá bácáilte i mbísc, tumtar i nglónra ansin é agus bácáiltear arís é.
Cén cineál gloine a bhailítear i gcomhair bhailiúchán Shaol Tíre na hÉireann?
Díríonn bailiúchán gloine Shaol Tíre na hÉireann ar shamplaí a léiríonn úsáid laethúil - buidéil, gloiní ólacháin agus gabhdáin - seachas gloine mhaisiúil, cosúil le deacantair.
Cén cineál obair iarainn a rinne an gabha áitiúil a d’úsáidtí sa teach?
Chuir an gabha réimse leathan earraí agus seirbhísí ar fáil don phobal áitiúil. Rinne sé agus dheisigh sé réimse leathan earraí a d’úsáidtí sa teach, cosúil le tóstaer aráin coirce agus aráin, coimeádaithe soilse, forc pota, seastáin cruachain, foirc tóstála, citil, greillí, potaí, gridillí agus pannaí, agus feistis agus craein teallaigh.
Is minic a léirigh gabha a scil trí ornáidíocht mhaisitheach a chur ar a chuid oibre, rud a chur cuma dheas ar earraí an tí.
Cén cineál réada eile a d’úsáidtí i dtithe in Éirinn?
Sular tosaíodh ag úsáid cré-earraí go forleathan inár dtithe, d’úsáidtí réimse ábhair eile chun réimse gabhdáin agus uirlisí tí a dhéanamh. Tá uirlisí déanta as adhmad, adharc agus cnámh sa taispeántas; chomh maith le soithí copair, péatair agus stáin
Bhaintí úsáid as pigíní agus as naigíní adhmaid plancthógtha sa bhaile freisin, ina gcuirtí leachtanna.
Cén uair a stopadh ag baint úsáide as réada den chineál sin i dtithe Éireannacha?
Nuair a thosaigh feabhas ag teacht ar chúinsí maireachtála sna haicmí ísle agus sna meán-aicmí sa tsochaí i rith an 20ú hAois, fuarthas réidh le go leor réada laethúla a rinneadh go háitiúil - potaí, pannaí, uirlisí copair, stáin agus adhmaid, agus tosaíodh ag baint úsáide as cinn a ceannaíodh sna siopaí.
Fuair an Músaem go leor de na réada a bhfuarthas réidh leo sna blianta ina dhiaidh sin.