Ceisteanna Coitianta faoi Bhailiúchán Iascaireachta agus Seilge na hÉireann
Foghlaim tuilleadh faoi bhealaí traidisiúnta iascaireachta agus seilge in Eirinn
- Agus an méid sin iasc ar fáil amach ó na cóstaí, cén fáth a bhfuair daoine bás le hocras le linn an Ghorta Mhóir idir 1845 - 1850?
- An mbíodh muintir na háite ag breith ar shócamais cosúil le gliomaigh agus oisirí agus á n-ithe?
- Ar baineadh mórán úsáide as arm tine i gcomhair sealgaireachta in Éirinn?
- Céard iad na príomh-theicnící iascaireachta traidisiúnta a bhí ann?
- Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi iascaireacht agus faoi sheilg thraidisiúnta na hÉireann?
Agus an méid sin iasc ar fáil amach ó na cóstaí, cén fáth a bhfuair daoine bás le hocras le linn an Ghorta Mhóir idir 1845 - 1850?
Bhí cabhlach iascaireachta na hÉireann an-bheag ag an am agus is beag forbairt a rinneadh air ar an gcósta thiar. Cé go raibh báid ann, is báid rámha bheaga osscailte a bhíodh iontu de ghnáth, nach bhféádfaí a chur amach ar an bhfarraige sa drochaimsir. Mar sin níor bhain ach líon beag daoine leas as an iascaireacht ag an am.
An mbíodh muintir na háite ag breith ar shócamais cosúil le gliomaigh agus oisirí agus á n-ithe?
Ní bhíodh mórán. Níor forbraíodh an tionscal gliomaigh go dtí deireadh an 19ú hAois agus bhí sé dírithe ar easpórtáil go Londain agus go Páras, mar atá fós. Bhí tionscal na n-oisirí an-chosúil leis seo, agus níorbh fhada gur bánaíodh go leor beirtreacha oisirí dá bharr.
Ar baineadh mórán úsáide as arm tine i gcomhair sealgaireachta in Éirinn?
Ba é an t-arm sealgaireachta ba mhó a d’úsáidtí ná an grán-ghunna. Ba dheacair de ghnáth ceadúnas a fháil i gcomhair aon ní eile.
Céard iad na príomh-theicnící iascaireachta traidisiúnta a bhí ann?
Bhíodh iascaireacht le dorú seachas iascaireacht le líonta ar siúl ag na báid bheaga, cosúil le curacha. Uaireanta, bhaintí úsáid as línte fada, "spiléir", a d'fhéadfadh a bheith na céadta méadar ar fhad. Bhíodh báid bheaga i mbun iascaireachta potaí i gcomhair gliomaigh freisin.
Bhí báid níos mó níos oiriúnaí do líonta. Bhí líonta áirithe a d’fhágtaí chun dul le sruth sa bhfarraige, d’úsáidtí cuid eile chun scoileanna a ghabháil i gcineál sparáin. Ba iad na báid mhóra chumhachtaithe ba mhó a d’fhorbair trálaeireacht.
Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi iascaireacht agus faoi sheilg thraidisiúnta na hÉireann?
Músaeim Gaolta
Liosta Léitheoireachta
-
Séamas Mac An Iomaire, Cladaí Chonamara, An Gúm, Baile Átha Cliath 1985. aistrithe ag P. de Bhaldraithe go The Shores of Connemara , Kinvara 2000.
-
C. Mac Carthaigh, ‘An tSaighneoireacht in Iarthar Chiarraí,’ in An Fharraige, Iris na hOidhreachta 5, An Daingean 1993.
-
Eiblhlín Ní Mhurchú – An tIascach a bhí – Céad Bliain , Mícheál Ó Cíosáin (eag), Baile an Fhirtéaraigh 1973, 194-212.
-
Críostóir Mac Carthaigh – Shark Hunting in Ireland, Maritime Life and Traditions, No 13, 2-15.’
-
Anne O’Dowd, ‘Resources of Life: Aspects of Working and Fishing on the Aran Islands in Book of Aran (194-220), ed Anne Korff et al, Kinvara.