National Museum Ireland
  • Scipeáil chuig ábhar an tsuímh
  • English
  • Return to Graphics Version
  • Téacs amháin
  • Find us on Facebook
  • Follow @NMIreland
  • YouTube
  • Google+
Cuardach Cuidithe
  • Baile
  • Tabhair Cuairt Orainn
  • Seandálaíocht
  • Na hEalaíona Maisiúla agus Stair
  • Saol na Tuaithe
  • Stair an Dúlra
  • Bailiúcháin & Taighde
  • Fiosraigh & Foghlaim
  • Eolas Fúinn
Baile / Bailiúcháin & Taighde / Bailiúcháin Shaol na Tuaithe / Liosta Bhailiúcháin Shaol na Tuaithe / Nósanna Creidimh agus Féilire / Ceisteanna Coitianta faoi Nósanna Creidimh agus Féilire
  • Leabharmharcáil
  • Priontáil
  • Bailiúcháin Seaniarsmaí
  • Bailiúcháin Ealaíne & Tionscail
  • Bailiúcháin Shaol na Tuaithe
    • Liosta Bhailiúcháin Shaol na Tuaithe
      • Spórt, Fóillíocht, Ceol agus Oideachas
      • Bailiúchán Ailtireachta
      • Bailiúchán Troscáin agus Adhmadóireachta
      • Bailiúchán Talmhaíochta
      • Bailiúchán Iascaireachta agus Sealgaireachta
      • Bailiúchán Iompair ar Thalamh
      • Bailiúchán Bád
      • Bailiúchán Miotalóireachta Baile agus Réad Teaghlaigh Eile
      • Nósanna Creidimh agus Féilire
        • Ceisteanna Coitianta faoi Nósanna Creidimh agus Féilire
          • Cad is taise ann?
          • Cad is cumhdach ann?
          • Céard iad na Péindlíthe?
          • Cén uair a bhíonn Lá Fhéile Bríde ann?
          • Cén uair a bhíonn Lá Fhéile Pádraig ann?
          • Céard é lá ceann ráithe?
          • Céard í an chailleach?
          • Céard é an Carghas?
          • Cad is snaidhm an fhómhair ann?
          • Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi Nósanna Creidimh agus Féilire na hÉireann?
      • Bailiúchán na nGairmeacha agus na Gníomhaíochta Tráchtála
      • Ceisteanna Coitianta faoi Bhailiúcháin Shaol na Tuaithe
    • Ár bhFoireann
    • Seirbhísí Taighde Shaol na Tuaithe
    • Stórtha Shaol na Tuaithe sa Daingean
    • Ceisteanna Coitianta faoi Bhailiúcháin Shaol na Tuaithe
  • Bailiúcháin Stair an Dúlra
  • Caomhnú
  • Clárúchán
  • Seirbhísí Taighde
  • An Dlí maidir le Brathadóireacht Miotail in Éirinn
  • Léirmhíniú ar an Uimhir Réada
  • Fionnachtana Doiciméadúcháin
  • Stair na hÉireann i 100 Réad
  • Na Bailiúcháin Stairiúla ar Line

Ceisteanna Coitianta faoi Nósanna Creidimh agus Féilire

Léigh na ceisteanna is coitianta a chuirtear faoi Nósanna Creidimh agus Féilire.


  1. Cad is cumhdach ann?
  2. Cad is snaidhm an fhómhair ann?
  3. Cad is taise ann?
  4. Céard é an Carghas?
  5. Céard é lá ceann ráithe?
  6. Céard í an chailleach?
  7. Céard iad na Péindlíthe?
  8. Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi Nósanna Creidimh agus Féilire na hÉireann?
  9. Cén uair a bhíonn Lá Fhéile Bríde ann?
  10. Cén uair a bhíonn Lá Fhéile Pádraig ann?

Cad is cumhdach ann?

Is éard atá i gcumhdach ná gabhdán a dhéantar chun taisí dhuine beannaithe nó naomh a choinneáil. Tá cruthanna agus méideanna difriúla ann, ag brath ar an réad a bhíothas i gceist a chur iontu.

Amanna, bíonn cruth an chumhdaigh cosúil le cruth an réada atá istigh ann. Mar shampla, is iondúil go raibh taisí a raibh cruth croise orthu i gcumhdaigh chroschruthacha.


Cad is snaidhm an fhómhair ann?

Rinneadh snaidhm an fhómhair ag úsáid píosaí arbhair ag deireadh an fhómhair. Dhéantaí trilseáin de dhá phíosa nó níos mó chun an snaidhm a dhéanamh, agus thugtaí do dhuine mar chomhartha grá é ag deireadh an fhómhair.


Cad is taise ann?

Réad is ea taise a bhaineann le duine nó áit bheannaithe. Tá dhá phríomhchineál taise ann. An chéad cheann acu seo ná taisí corpracha, is é sin le rá, píosa de cholainn dhaoine beannaithe, mar shampla fiacla, gruaig nó cnámha. 

An dara ceann acu ná taisí comhthiomsaitheacha, réada a d’úsáid an naomh nó a raibh baint acu leis an naomh i rith a s(h)aoil.


Céard é an Carghas?

Is tréimhse cleachtaidh reiligiúnach atá sa Charghas, a bhíonn ar siúl roimh an gCáisc. Maireann sé go hiondúil ar feadh 40 lá agus cuirtear tús leis ar Chéadaoin an Luaithrigh.

In Éirinn, bhí troscadh agus tréanas ar siúl i rith an Charghais agus sheachnaítí feoil, uibheacha agus táirgí déiríochta. 

Roimh tréanas an Charghais, d'ití an bia ar fad a bhí le cosc, chun an méid a bhí fágtha a úsáid. Ar Mháirt na hInide, an lá roimh an gCarghas, dhéantaí pancóga chun uibheacha, im agus bainne a ídiú.


Céard é lá ceann ráithe?

Thugtaí lá ceann ráithe ar an gcéad lá de gach séasúr. Ba é Lá Fhéile Bríde, an 1ú lá d'Fheabhra, tús an earraigh; ba é an 1ú lá de Bhealtaine, tús an tsamhraidh; ba é an 1ú Lúnasa, tús an fhómhair agus ba é an 1ú de Shamhain, tús an gheimhridh. 

Amanna tábhachtacha a bhí iontu seo sa bhféilire feirmeoireachta, agus léiríonn siad leanúnachas i gcustaim féilire ó aimsir na bpágánach.


Céard í an chailleach?

Ag deireadh an fhómhairt dheintí rud ar a dtugtaí cailleach, ag baint úsáide as an bpunann deiridh. Thugtaí é sin do bhean an tí agus chrochtaí é oc ionn an bhoird ag béile chun an fómhar a cheiliúradh.

Measadh go raibh spiorad sa chailleach a chónaigh san fhásra agus a d'fhéadfaí a choilsteáil ag bogadh thart i rith an fhómhair.


Céard iad na Péindlíthe?

Is éard a bhí sna Péindlithe ná sraith de dhlithe a achtaíodh idir 1691 and 1727. D’fhág siad seo gur cuireadh adhradh na gCaitliceach faoi chois agus gur cuireadh cosc orthu a bheith i seilbh oifig pholaitíochta. B’éigean mar sin aifrinn agus adhradh na gCaitliceach a chur ar bun go discréideach, nó fiú amháin faoi rún.

Mar sin, bhí cros na bpéindlíthe ann, a bhí caol agus a d’fhéadfaí a iompar i muinchille, agus d’úsáidtí cloch altóra agus carraig Aifrinn chun ionad adhartha sealadach a chur in iúl.


Cén áit is féidir liom tuilleadh a fháil amach faoi Nósanna Creidimh agus Féilire na hÉireann?

  • Augusteijn, J. (ed) (1999).  Ireland in the 1930s: New Perspectives.  Four Courts Press, Dublin.
  • Butler, A. and Burns, P. (2000).  Butler’s Lives of the Saints.  The Liturgical Press, Collegeville, Minnesota.
  • Carroll, D. (1999).  Religion in Ireland: Past, Present and Future.  Columba Press, Dublin.
  • Cronin, M. and Adair, D. (2002).  The Wearing of the Green: A History of St Patrick’s Day.  Routledge, London.
  • Danaher, K. (1972).  The Year in Ireland: Irish Calendar Customs.  Mercier Press, Cork.
  • Donelly, J.S. and Miller, K.A. (eds).  Irish Popular Culture 1650-1850.  Irish Academic Press, Dublin.
  • Evans, E.E. (1957).  Irish Folk Ways.  Routledge and Kegan Paul, London.
  • Fallon, B. (1998).  An Age of Innocence: Irish Culture 1930-1960.  Gill and Macmillan, Dublin.
  • Farmer, D. (2004).  Oxford Dictionary of Saints.  Oxford University Press, Oxford.
  • Hughes, H.  (1991).  Croagh Patrick: An Ancient Mountain Pilgrimage.  Harry Hughes, Westport, Co. Mayo.
  • Marshall, R. (2003).  Celebrating Irish Festivals: Calendar of Seasonal Celebrations.  Hawthorn Press, Gloucestershire.
  • McMahon, S and O’Donoghue, J. (2004.)  Brewer’s Dictionary of Irish Phrase and Fable.  Weidenfeld & Nicholson, London.
  • O’Loughlin, T. (1999).  St Patrick: The Man and His Works.  Triangle, London.
  • Roe, H.M. (1976).  The cult of St Michael in Ireland.  In: C. Ó Danachair (ed.) Folk and Farm.  Royal Society of Antiquaries of Ireland, Dublin.  


Cén uair a bhíonn Lá Fhéile Bríde ann?

Titeann Lá Fhéile Bríde ar an 1ú Feabhra, an chéad lá den Earrach agus an chéad lá de bhliain an fheirmeora. Dhéantaí Cros Bhríde agus chrochtaí sa teach, sa chró agus sa stábla í chun ómós a thabhairt don naomh agus chun cosaint a fháil uaithi. Dhéantaí cros trí chosach agus cros ceithre chosach, as luachair go hiondúil.


Cén uair a bhíonn Lá Fhéile Pádraig ann?

Titeann Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta, agus is lá saoire náisiúnta agus lá saoire eaglasta é. Ceiliúradh is ea é ar Naomh Pádraig, duine d'éarlaimh na hÉireann a rugadh i mBreatain na Róimhe agus a deirtear a thug an Chríostaíocht go hÉirinn sa chúigiú hAois.

Ba ghnách crosa Phádraig a chaitheamh ar an lá sin, agus seamróg freisin. Deirtear gur úsáid Naomh Pádraig an planda trí-dhuilleogach seo chun an Tríonóid Naofa a mhíniú do na Gaeil.


Uaireanta Oscailte

Máirt - Satharn: 10:00 - 17:00 | Domhnach: 14:00 - 17:00 Dúnta Dé Luain (lena n-áirítear Laethanta Saoire Bainc), Lá Nollag agus Aoine an Chéasta

Déan Teagmháil Linn

  • T :+353 1 6777444
  • Sonraí Teagmhála Eile

Treoracha

  • Faigh treoracha chuig gach láithreán
  • © NMI 2017
    • Mapa an tsuímh
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Maidir leis an Suíomh Gréasáin