Ár bhFoireann
Buail le foireann an Mhúsaeim atá ag obair le bailiúcháin Shaol na Tuaithe
Anthony (Tony) Candon
Bainisteoir Coimeádaí
Ceann rannóg Saol na Tuaithe agus Bainisteoir Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.
Tá Tony ina sheandálaí agus ina staraí ar na meánaoiseanna a d'oibrigh san oidhreacht agus i músaeim ar dhá thaobh an teorainn le beagnach tríocha bliain anuas. Díríonn a thaighde faoi láthair ar ról na músaem atá ag athrú i sochaí na linne.
An Dr Séamas Mac Philib
Caomhnóir
Coimeádaí Cúnta Grád I. Chuaigh Séamas Mac Philib M.A., Ph.D., H.Dip.Ed. faoi oiliúint sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar eitneolaí agus staraí agus freisin i Músaem Daonchultúir agus Iompair Uladh, an Músaem Nordach (IFF), Stockholm agus Musée National des Arts et Traditions Populaires (CEF), Páras.
Sular tháinig sé chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann, d'oibrigh sé i ranna rialtais Airgeadais (Caiteachas Oidhreachta san áireamh) agus an Taoisigh (Rannán Ealaíon agus Cultúir). Tá neart foilsithe aige, ach go háirithe i mBéalaoideas agus Ulster Folklife. Taighde reatha: curacha na hÉireann agus eitneolaíocht agus tiarnaí talún na hÉireann. Is caomhnóir é ar thalmhaíocht, báid, iascaireacht, fiach agus iompar.
Rosa Meehan
Caomhnóir
Coimeádaí Cúnta Grád II. Tá Clodagh Doyle ag obair le Bailiúchán Shaol Tíre na hÉireann in Ard-Mhúsaem na hÉireann ó 1995. Tá céim aici i mBéáloideas na hÉireann agus Seandálaíocht agus rinne sí a tráchtas MA ar Throscán Teallaigh Traidisiúnta. Is í Clodagh an coimeádaí ar na Bailiúcháin seo a leanas: Nósanna Féilire, Reiligiún, Spórt & Fóillíocht, Criadóireacht & Gloine, Óige agus Troscán Teallaigh.
Rosa Meehan
Coimeádaí
Coimeádaí Cúnta Grád II. Tháinig Rosa Meehan isteach i Rannán Shaol Tuaithe na hÉireann sa bhliain 2002 agus thug sí léi cur chuige idirdhisciplíneach maidir le coimeád chultúr ábhartha an ghnáthshaoil agus nósanna an bhailiúcháin. Rinne Rosa staidéar ar Stair na hÉireann agus Leabharlannaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Seandálaíocht in OÉ, Gaillimh agus is í údar The Story of Mayo, a d'fhoilsigh Comhairle Contae Mhaigh Eo sa bhliain 2002. Tá freagracht aici as an mbailiúchán de Throscán Tuaithe na hÉireann agus aitireacht traidisiúnta chomh maith le cearda agus ceardaíocht. Tá taighde á dhéanamh aici faoi láthair ar an mbailiúchán de hroscán Tuaithe na hÉireann.