I dtaobh na mBailiúchán Stairiúil ar Líne
Eolas ginearálta faoin bhfo-bhailiúchán ar líne d'ár gcórais bainistíochta bailiúcháin.
Insíonn Bailiúcháin Stairiúla Ard-Mhúsaem na hÉireann scéal stair mhíleata agus pholaitiúil mhuintir na hÉireann, anseo ag baile agus i bhfad i gcéin, ón 16ú go dtí an 20ú haois. 36,000 déantán san iomlán atá sna bailiúcháin seo.
Sa sampla seo de 10,000 taifead clúdaítear raon topaicí agus cineálacha déantán ón tréimhse seo, idir éide, bhratacha, litreacha, ghrianghraif, arm tine agus iarsmaí pearsanta d’Éireannaigh fear agus ban a throid ar son saoirse na hÉireann.
Ní fhacthas formhór na ndéantán seo ar taispeáint riamh roimhe seo, agus ní féidir mórchuid díobh a thaispeáint i ngailearaí de bharr údair imní faoina gcaomhnú. Cuirtear ar taispeáint anseo den chéad uair iad cothrom le céad bliain ó Éirí Amach 1916 agus le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Gearrchóta den 71ú Reisimint (Na Garbhchríocha), a chaith Archibald Armstrong, as Tulaigh Mhór, Co. Shligigh, le linn Chogadh na Leithinse, c.1814 HA:1911:667
Bratach de Phoblacht na hÉireann, a cuireadh ar foluain os cionn Ard-Oifig an Phoist, le linn Éirí Amach 1916. HE:EW.3224
Claíomh a bhronn Uilliam III Shasana ar thacadóir as a sheirbhís ag Cath na Bóinne, 1690. HA:L.693.1