Baile / Bailiúcháin & Taighde / Na Bailiúcháin Stairiúla ar Line / Grianghrafadóireacht, conas íomhánna grianghrafacha de dhéantáin a ordú, agus eolas ar chóipchearta

Grianghrafadóireacht, conas íomhánna grianghrafacha de dhéantáin a ordú, agus eolas ar chóipchearta


Ghlac Roinn Grianghrafadóireachta gairmiúil an Ard-Mhúsaeim pictiúir de 500 déantán nó mar sin sa rogha seo. Na híomhánna eile de dhéantáin a fheiceann tú, is grianghraif dhoiciméadaithe iad a thóg oifigigh na Roinne Clárúcháin mar áis aitheantais agus do chuspóirí ginearálta faisnéise fad a bhí an chatalóg a bheith á cur i dtoll a chéile. Ba é Olltionscadal Digitithe ár mBailiúchán Stairiúil i 2013 a sholáthair íomhánna d’fhormhór na ndéantán bunaithe ar pháipéar.

Is féidir grianghraif ghairmiúla agus grianghraif ar ghrád foilsithe a ordú ón Oifig um Chearta agus Macasamhlacha, agus is féidir leis an Roinn sin faisnéis eile faoi íomhánna grianghrafacha a chur ar fáil duit, leis.

Cuirtear ráiteas aonair ar chóipcheart na híomhá ar fáil i dtéacs malartach na híomhá, a fheictear nuair a dhéanfar ainliú os cionn na híomhá. Iarrtar ort meas a léiriú ar na téarmaí agus coinníollacha seo. Geallann Ard-Mhúsaem na hÉireann na bailiúcháin náisiúnta a chur ar fáil don phobal agus daoine a spreagadh chun íomhánna agus faisnéis eile a úsáid do chuspóirí ginearálta oideachais.  Iarraimid ar na húsáideoirí meas a léiriú ar an ráiteas cóipchirt agus i gcás íomhánna a chuirtear ar fáil d’athúsáid phearsanta nó acadúil faisnéis chóipchirt an Mhúsaeim a choimeád in éineacht leis na híomhánna mar chabhair d’úsáideoirí eile ar mian leo an íomhá a fhoinsiú le haghaidh taighde.

Gheofar faisnéis agus ceadanna ó Oifig um Chearta agus Mionsamhlacha an Ard-Mhúsaeim chun na híomhánna seo a úsáid i bhfoilseacháin agus do chuspóirí tráchtála.  

Péintéireacht ola, May Dawn, le Seán Keating, 1952 (HE:EWP.223)

An bonn óir a bronnadh ar Éamonn Ceannt as píobaireacht uilleann, 1906 (HE:EW.5675)

An cóta a chaith Ruairí Mac Easmainn ar theacht i dtír dó ag Trá na Beannaí, Aoine an Chéasta, 1916 (HE:EW.61)