Baile / Bailiúcháin & Taighde / Na Bailiúcháin Stairiúla ar Line / An Tionscadal Digitithe agus a Urraithe

An Tionscadal Digitithe agus a Urraithe


I 2013, thug Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi dhoiciméid stairiúla agus cartlanna gaolmhara an Mhúsaeim a thiontú go foirm dhigiteach. Glacadh grianghraif de bhreis is 39,000 leathanach le trealamh speisialaithe ar nós ceamaraí meánfhormáide agus le teicnící UV íseal chun damáiste do na déantáin a sheachaint agus sonraí tábhachtacha á ngabháil.

Bhí ranna éagsúla d’Ard-Mhúsaem na hÉireann (Clárú, Ealaín & Tionscal, TFC, Grianghrafadóireacht) agus conraitheoirí seachtracha páirteach sa tionscadal.

Ba é an tionscadal seo a d’éascaigh Catalóg na mBailiúchán Stairiúil ar Líne. Tá na híomhánna a cuireadh ar fáil ina gcuid de thaifid Chóras Bainistíochta na mBailiúchán agus tugann sé teacht inchuardaithe ar dhéantáin nár cuireadh ar taispeáint don phobal riamh roimhe seo. Is acmhainn an-luachmhar é seo atá ar fáil tríd an nGréasán Domhanda don phobal i gcoitinne agus do thaighdeoirí.

Maoiníodh an tionscadal le deontas speisialta ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a dtugtar An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta uirthi anois. Ba mhaith le hArd-Mhúsaem na hÉireann a mbuíochas a ghabháil lena roinn tuismitheora as cistiú speisialta a chur ar fáil don tionscadal seo.

The Department of Arts, Heritage Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

 

Leathanach ó Albam Grianghraf Mhic Gabhann, a glacadh tar éis Éirí Amach 1916 (HE:EW.4451)

Cárta Nollag cuimhneacháin Charles Stewart Parnell, 1892 (HH:1941.55.1)

Albam síniúchán a choimeád Seán Ó Maidin i gCampa Géibhinn Frongoch, an Bhreatain Bheag, tar éis Éirí Amach 1916 (HE:EW.3249)