Aiseolas a thabhairt
Is mór ag Ard-Mhúsaem na hÉireann i gcónaí faisnéis bhreise maidir le déantáin a fháil, agus is féidir aiseolas a chur isteach inár bhfoirm theagmhála ach na Bailiúcháin Stairiúla ar Líne a roghnú, agus Uimhir an Déantáin (a gheofar ar scáileán thaifead an déantáin) a thabhairt mar thagairt. Bímid thar a bheith buíoch as faisnéis bhreise i dtaobh míreanna ar nós grianghraf agus na daoine a thaispeántar iontu. Déanfar é sin a thaifead inár gcartlann mar thagairt feasta. Cé gur féidir nach mbeidh ar ár gcumas cur síos ar dhéantáin a athrú go substaintiúil, de bhrí gur cuireadh ar fáil don mhúsaem iad nuair a ceannaíodh iad agus gur cuid dár ndoiciméid dlí iad, is áthas linn i gcónaí faisnéis bhreise a fháil a chuireann lenár n-eolas ar na bailiúcháin agus úsáidfimid í nuair is féidir.
Grianghraf de ghrúpa daltaí i Scoil Éanna, 1914 (HE:EW.3118)
Florence Lea as Monarcha Muinisean Dhugaí Bhaile Átha Cliath, 1918 (HA:1976.5)
Grianghraf de Joseph V. Lawless in éide Óglaigh na hÉireann i 1917 (HE:EW.2469)