Leideanna chun na bailiúcháin a chuardach
Is féidir na Bailiúcháin Stairiúla ar Líne a chuardach ón mbosca ‘Search Keywords’.
Gheofar na torthaí is fearr ach focal nó ainm aonair a chlóscríobh sa bhosca.
Is féidir cuardach níos mionsonraithe a dhéanamh ón leathanach ‘Advanced Search’.
Tugann na Paraiméadair Chuardaigh roghanna éagsúla agat chun an cuardach a shoiléiriú agus torthaí níos beaichte a fháil.
Agus cuardach á shocrú, cabhróidh an rogha ‘string or entire phrase’ leat frása (dhá fhocal nó níos mó i dteaghrán) a aimsiú, leithéidí ‘walking stick’ nó ainm dála ‘Patrick Ryan’. Gheobhaidh tú torthaí ina mbeidh d’fhocal cuardaigh laistigh d’fhocail eile, mar shampla ach ‘Scot’ a chuardach, gheofar na téarmaí ‘Scotland’ agus ‘Scottish’ agus ach ‘week’ a chuardach gheofar taifid ina bhfuil an frása ‘Weekly Freeman’.
Ach an rogha ‘Any of the exact words’ a roghnú, gheobhaidh tú torthaí ina mbeidh aon cheann de na focail ina iomláine (cuardaigh ‘Scot’ agus ní bhfaighfear ach torthaí ina bhfuil ‘Scot’ ina fhocal iontu). Is féidir leis seo a bheith úsáideach mura bhfuil tú cinnte den fhoclóir a úsáideadh do rud ar leith (m.sh. má chuirtear ‘knife dagger’ isteach agus an rogha seo cumasaithe, gheofar torthaí ina bhfuil an focal ‘knife’ nó an focal ‘dagger’ nó an dá cheann).
Agus an taifead le cuardach á roghnú agat, ticeáil na trí bhosca – ‘Any Field’, ‘Heading’ agus ‘Description’ – faoi ‘Search Parameters’ chun tuilleadh torthaí a fháil.
Tá boscaí anuas ann leis, chun déantáin i dtaispeántais, bailiúcháin nó ábhar aonair a chuardach (m.sh. ‘1916 rising’, nó ‘1916 Rising, Destruction’, le bheith níos beaichte). Gheofar Logainmneacha faoi ‘Ábhar’ leis.
I gcás logainmneacha agus sloinnte, cuimhnigh go dtagann athrú ar an litriú le himeacht aimsire, agus úsáidtear litriú Gaeilge agus Béarla na linne seo. Mar shampla, cuardaigh ‘Mc’ agus ‘Mac’ le spás agus gan spás idir é agus ainm an teaghlaigh.
Bain triail as cuardaigh dhifriúla leis an ainm iomlán agus a ghiorrúchán, m.sh. Royal Irish Constabulary agus R.I.C., General Post Office agus G.P.O.
Agus tú ag féachaint ar thaifead déantán, is féidir féachaint ar íomhánna i bhformáid mhór ach cliceáil ar an bpríomh-íomhá, nó tríd an táb ‘Images’ a roghnú, le hais ‘Catalogue Info’ agus cliceáil ar aon cheann de na mionsamhlacha. Cliceáil na cnaipí scrollsaighde chun tuilleadh íomhánna den déantán seo a fheiceáil.
Ach an táb ‘Further Reading’ a chliceáil gheofar faisnéis mhórluachmhar ar thagairtí ar leith don déantán seo in áiteanna eile ar líne, agus faisnéis ar cá háit ar cuireadh ar taispeáint roimhe seo é.
Más mian leat, tar éis amharc ar thaifead déantáin, filleadh ar liosta na dtorthaí bunaidh nó cuardach eile a thriail, roghnaigh ‘Go back to search result’, in ionad an chnaipe siar ar do bhrabhsálaí a bhrú.
Cóip phlástair de dhealbh chré-umha d’Fhear Píce Loch Garman, a rinne Oliver Sheppard (HH:2013.1)
ide Arm an tSaorstáit, de chuid an Ghinearáil Richard Mulcahy, 1922 HE:1995.2
Léine Chumann na mBan, a chaith Rose MacNamara i nDrioglann Lána Mhuire Mhaith agus i bPríosún Chill Mhaighneann le linn Sheachtain na Cásca, 1916 (HE:EW.990a)