Bailiúcháin Stair an Dúlra
I mBailiúcháin Stair an Dúlra tá thart ar dhá mhilliún eiseamal ó réimsí na zó-eolaíochta, na bitheolaíochta agus na geolaíochta.
Tugann rannóg Stair an Dúlra aire do staid na mbailiúchán i ndisciplíní na zó-eolaíochta agus na geolaíochta. Aistríodh bailiúcháin luibheolaíocha an Mhúsaeim chuig Garraithe Náisiúnta na Lusanna sa bhliain 1970.
Tá thart ar dhá mhilliún eiseamal i mbailiúcháin Stair an Dúlra. Is é an bailiúchán is mó díobh, ó thaobh líon de, ná an bailiúchán mór feithidí, a dhéanann suas thart ar leath de na heiseamail go léir. Mar aon leis an stoc go léir atá ag an Músaem maidir leis an eolaíocht nádúrtha, tá méid iontach ábhar ó áiteanna lasmuigh d’Éirinn. Is éard atá in a lán de seo ná leagáid ó Impireacht na Breataine sa 19ú haois, nuair a bhí Baile Átha Cliath ar cheann de na cathracha ba shuntasaí agus ba mhó daonra, agus bhí eolaithe Éireannacha agus amaitéaraigh ag obair ar an gcabhlach ba mhó ar domhan agus bhí siad páirteach sna sluaíochtaí éagsúla chuig áiteanna i bhfad ó bhaile.
Chinntigh bunús luath na mbailiúchán i 1792 agus nádúr na heolaíochta sa 19ú haois go bhfuil líon suntasach eiseamal cineáil i zó-eolaíocht agus i ngeolaíocht sa rannóg seo. Is éard atá sna heiseamail seo ná samplaí ar leith de speiceas áirithe ainmhithe agus iontaisí, a úsáideann eolaithe ó áiteanna ar fud an domhain nuair a thagann siad ar speiceas comhchosúil agus go dteastaíonn uathu iad a aithint go cruinn.
Baineann baill foirne agus cuairteoirí taighde úsáid as na bailiúcháin mar acmhainn thagartha, agus tá ról tábhachtach acu in eiseamail ar nós lotnaidí feithide a aithint a bhféadfadh tábhacht eacnamaíoch áirithe a bheith ag baint leo. Déanann an fhoireann obair allamuigh, foilsíonn siad a gcuid taighde féin agus cabhraíonn siad le cuairteoirí a bhfuil baint acu le foilseacháin eolaíochta chomh maith. Caitear roinnt ama ag fáil samplaí nua d’fhána na hÉireann trí obair allamuigh rialta freisin.
Léigh léargas de bhailiúcháin uile an Mhúsaeim i Stair an Dúlra
Faigh eolas faoi na seirbhísí taighde a chuireann foireann Stair an Dúlra ar fáil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Buail leis an bhfoireann taobh thiar de Bhailiúcháin Stair an Dúlra in Ard-Mhúsaem na hÉireann
Faigh eolas faoi na tionscadail taighde a rinne foireann Stair an Dúlra le déanaí.