Baile / Bailiúcháin & Taighde / Bailiúcháin Stair an Dúlra / Seirbhísí Taighde Stair an Dúlra

Seirbhísí Taighde Stair an Dúlra

Faigh eolas faoi na seirbhísí taighde a chuireann foireann Stair an Dúlra ar fáil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann.


Tá rannóg Stair an Dúlra i gceannas ar rochtain ar na bailiúcháin, agus ar an leabharlann agus ar an gcartlann ábhartha chomh maith, atá suite in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 agus stór ar láthair eile.

Déan teagmháil leis an bhfoireann le coinne a dhéanamh sula dtagann tú ar cuairt.

Cuimhnigh, le do thoil, go mb'fhéidir go mbeidh ar bhaill foirne ar leith a bheith i láthair, mar sin dá luaithe a dhéanann tú iarratas is ea is fearr an seans go mbeiimid ábalta freastal ort.