Baile / Bailiúcháin & Taighde / Clárúchán / Bainistíocht Doiciméadúcháin agus Bailiúchán

Bainistíocht Doiciméadúcháin agus Bailiúchán

Féach ar an gcaoi ina ndéanann an Roinn Clárúcháin bainistiú, iniúchadh agus iasachtaí ar bhailiúchain an Mhúsaeim.


Tá an Roinn Clárúcháin freagrach as Córas Bainistíochta na mBailiúchán a chothabháil agus a fhorbairt. Bainistíonn an bunachar sonraí seo slándáil agus iniúchadh bailiúchán, lámhleabhar gnáthaimh, caighdeán sonraí agus rialuithe téarmaíochta.

Bainistíonn an roinn stóráil, aistriú, gluaiseacht agus iasachtaí seachtracha bhailiúcháin agus dhoiciméadúchán an Mhúsaeim chomh maith. Déanann an roinn seo bainistiú agus éascú ar iasachtaí a thagann isteach, ar nós taispeántais ar cuairt, chomh maith.