Is iad institiúidi eile a thiomsaigh an bunús le bailiúcháin Ard-Mhúsaem na hEireann sular bunaíodh é sa bhliain 1877. B'iad na hinsitiúidí sin ná Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS), Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) agus Músaem Thionscal na hÉireann (MII).
Bhailigh an RDS, a bunaíodh i 1731, teilgean plastair, mianraí geolaíocha, ábhar mínealaíne agus eitneagrafaíocha, d'fhonn oiliúint a chur ar ealaíontóirí agus tionscal a spreagadh. D'fhéach an RIA, a bunaíodh sa bhliain 1785, le staidéar a chur chun cinn ar sheaniarsmaí Éireannacha, eolaíocht agus litríocht. Fuair an MII, a bunaiodh sa bhliain 1847, a chuid ábhair ó Mhórthaispeántas 1851 agus ó Thaispeántas BHaile Atha Clitha na bliana 1853.
Nuair a bunaíodh an Músaem Eolaíochta agus Ealaíne sa bhliain 1877 tugadh na trí bhailiúchán le cheile agus leathnaíodh iad trí iasachtaí, ceannach agus bronntanais, agus é d'aidhm aige an institiúid a fhorbairt ina ‘hinstitiúid áineasa agus teagaisc.’ Sa bhliain 1900 rinneadh Músaem Náisiúnta na Eolaíochta de, agus leagadh neart béime ar fhorbairt na ceirde tuaithe agus an dearaidh chomhaimseartha. Bhí sé d'aidhm go mbeadh 'luach tráchtála don tír chomh maith le leas stairiúil agus eolaiochta’ ag an Músaem agus a bhailiúcháin.
Féach ar an mbailiúchán is túisce ar domhan de dhéantáin ársa Éireannacha
Fiosraigh thart ar 150,000 déantán a léiríonn oidhreacht na hÉireann sna healaíona maisiula, chomh maith le stair pholaitiúil, mhíleata agus shóisialta.
Faigh eolas faoin saol traidisiúnta in Éirinn trí Bhailiúcháin Shaol na Tuaithe an Mhúsaeim
I mBailiúcháin Stair an Dúlra tá thart ar dhá mhilliún eiseamal ó réimsí na zó-eolaíochta, na bitheolaíochta agus na geolaíochta.
Faigh amach conas a thugann an Rannóg Caomhnaithe do na bailiúcháin ar fad d'Ard-Mhúsaem na hÉireann agus iad a chaomhnú agus a imscrúdú.
Eolas faoi obair na Roinne Clárúcháin le naisc chuig blag na bhFionnachtan Doiciméadúcháin, Leabharlann an Mhúsaeim, Cartlanna agus Bainistu Cáipéisíochta & Bailiúchán.
Eolas do thaighdeoirí maidir le rochtain a fháil ar Bhailiúcháin Shaol na Tuaithe, Stair an Dúlra agus Ealaíne & Tionscail de chuid an Mhúsaeim.
Sonraí faoi úsáid bhrathadóirí miotail chun réada sendálaíochta a chuardach, lena n-áirítear ceisteanna coitianta ar cad is cóir a dhéanamh le fionnachtana.
Míniú ar na huimhreacha catalóige ó na bailiúcháin éagsúla in Ard-Mhúsaem na hÉireann
Faigh amach faoi réada uathúla, bailiúcháin iontacha agus eiseamail neamhghnácha a aimsíodh le linn Thionscadal Fardail Cúig Bliana an Mhúsaeim.
Tógann na réada ata roghnaithe ar thiras sinn trí stair na ndaoine in Éirinn le 7,000 bliain anuas.
Cuardaigh ár mBailiúcháin Stairiúla ar Líne, sampla de 10,000 déantán atá i mBailiúcháin Stairiúla, Mhíleata agus Sheachtain na Cásca Ard-Mhúsaem na hÉireann, atá á bhfoilsiú mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán.