Scipeáil chuig ábhar

1914-1961: Úinéireacht Phríobháideach agus Filleadh ar Bhinn Éadair

An tAscar ar fhilleadh di go Baile Átha Cliath i 1961. Le caoinchead ó Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Bhí 3 úinéir éagsúla ag an Ascar i lár na 20ú haoise sular cheannaigh Stát na hÉireann í do húsáid mar árthach traenála do dhaltaí cabhlaigh.

Tar éis di a ngunnaí agus armlón a thabhairt i dtír go rathúil i mBinn Éadair an 26 Iúil 1914, bhí aistear drámatúil an Ascair thart. Seoladh í go Beannchar i dTuaisceart na Breataine Bige áit ar cuireadh ar ghalláin í i longchlós A.M. Dickie & Sons. D’fhan sí i stóras ansin go dtí 1927 nuair a cuireadh ina luí ar Molly Childers ar deireadh an t-árthach ab ansa léi a chur ar an margadh. Díoladh an tAscair i 1928, agus bhí 3 úinéir éagsúla aici sular cheannaigh Rialtas na hÉireann í do húsáid mar árthach traenála do dhaltaí cabhlaigh..

Filleadh ar Bhinn Éadair

Agus athchóiriú déanta chun í a chur in oiriúint a'aistear mara, seoladh an tAscar ar aistear stairiúil ó Southampton go Binn Éadair, agus shroich sí Binn Éadair an 30 Iúil 1961. I mBinn Éadair cuireadh fáilte roimpi ag soithigh ón tSeirbhís Chabhlaigh, sailbhe de ghunnaí agus grúpa faoi cheanna an Uachtaráin Éamon de Valera, chomh maith le buío d'Óglaigh na hÉireann a bhí ann nuair a tháinig an tAscar isteach go Binn Éadair ar dtús i 1914.

Bhí Erskine Hamilton Childers, mac le Erskine agus Molly, agus duine a bheadh ina Uachtarán ar Éirinn ina dhiaidh sin, i láthair ag an searmanas freisin. Sheol an tUachtarán de Valera beannachtaí chuig Molly Childers, a bhí ina cónaí i nGleann Dá Loch ag an am, agus chríochnaigh sé a óráid leis na focail:

‘Ní dhéanfaidh muintir na hÉireann dearmad riamh ar an eachtra mhór dhá scór agus seacht mbliain ó shin, inar ghlac sí féin agus a fear chéile páiart chomh suntasach sin’.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions