Scipeáil chuig ábhar

Dé Sathairn an 7 Márta, 10:30am-12:30pm, Ceardlann do

Seachtain na Gaeilge: Buail isteach: Ruathairí, Trádálaithe agus Lonnaitheoirí! Láimhsigh Macasamhlacha ag Ceardlann Éire na Lochlannach

Saorchead isteach. Ní gá áirithint a dhéanamh.

Theaghlaigh ina ndéanfar macasamhlacha a láimhsiú.

Foghlaim faoin saol i mBaile Átha Cliath in aimsir na Lochlannach trí chuairt a thabhairt ar an Seomra Acmhainní Foghlama sa Mhúsaem chun macasamhlacha de Dhéantáin Lochlannacha a fheiceáil!

Féach ar chlaimhte agus ar thuanna a d'úsáideadh na Lochlannaigh agus iad i mbun ruathair, ar scálaí práis Lochlannacha a d'úsáidtí le haghaidh trádála, agus ar éadaí a chaitheadh na fir agus mná a tháinig go Baile Átha Cliath agus a shocraigh síos ann in aimsir na Lochlannach. Glac páirt i ngníomhaíochtaí suaimhneacha dathúcháin, léigh tríd an iliomad leabhar atá againn faoin tseandálaíocht, agus déan cinnte go dtabharfaidh tú cuairt ar ghailearaithe an Mhúsaeim ina dhiaidh sin.
 
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi Aimsir na Lochlannach in Éirinn, féach ar an taispeántas Éire na Lochlannach sa Mhúsaem nó ar an réimse acmhainní atá againn le húsáid sa bhaile nó sa seomra ranga inár rannóg Músaem sa Bhaile.

Tabhair do d'aire: Dóibh siúd ar mhian leo Gaeilge a labhairt, beidh duine den fhoireann oideachais a bhfuil Gaeilge acu ar fáil i rith na ceardlainne buail isteach seo.
 
Ní gá áirithint a dhéanamh. Beidh an cheardlann ar siúl sa Seomra Acmhainní Foghlama, An Chéad Urlár. Níl an seomra seo inrochtana do chathaoireacha rothaí. Is ceardlann do theaghlaigh í seo. Caithfidh tuismitheoir nó duine fásta atá in loco parentis maoirseacht iomlán a dhéanamh ar leanaí i rith na hócáide.


Cad atá i gceist le Ceardlann Buail Isteach?
Bíonn Ceardlanna Buail Isteach ar siúl sa Seomra Acmhainní Foghlama (an chéad urlár) nó i Seomra Chill Dara, (an bunurlár) i Músaem Náisiúnta na hÉireann. Bíonn na ceardlanna seo deartha do theaghlaigh agus do leanaí. Bíonn gach seisiún buail isteach ar siúl ar feadh dhá uair an chloig agus bíonn gníomhaíochtaí ar siúl lena linn a thógann thart ar 15-30 nóiméad le cur i gcrích. Ní gá áirithint a dhéanamh, agus is féidir le daoine páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht am ar bith, agus ar feadh cibé méid ama agus is mian leo. I measc na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl bíonn deis ag daoine macasamhlacha a láimhsiú, dathúchán a dhéanamh, nó tabhairt faoi ghníomhaíocht ceardaíochta ‘déan agus tabhair abhaile'. Bíonn gach gníomhaíocht spreagtha ag déantáin agus ag taispeántais sa Mhúsaem

Chun na sonraí ar fad a fháil maidir leis an liosta de Cheardlanna agus d'imeachtaí Buail Isteach, féach ar ár bhFéilire Imeachtaí. Sula dtagann tú, tabhair do d'aire, le do thoil, an seomra a mbeidh an ócáid buail isteach ar siúl ann, toisc nach bhfuil an Seomra Acmhainní Foghlama inrochtana do chathaoireacha rothaí.
 


Seachtain na Gaeilge: Drop-In: Raiders, Traders and Settlers! Viking Ireland Handling Workshop

Find out about life in Viking Dublin by visiting the Learning Resource Room at the Museum to see some replica Viking Artefacts!

Take a look at Viking swords and axes used for raiding, a Viking brass scales for trading, and clothes worn by men and women who lived and settled in Viking Dublin. Take part in some relaxing colouring activities, read through our many books about archaeology, and make sure to explore the Museum's galleries afterwards.
 
If you would like to find out more about Viking Age Ireland, check out the Museum's Viking Ireland exhibition or our range of resources for at home or in the classroom in our Museum at Home section.

Please Note: For the duration of this drop-in workshop there will be a member of the education available to talk to attends in Irish.
 
No booking required. Located in the Learning Resource Room, First Floor. Not wheelchair accessible. This workshop is for families. Children must be fully supervised by a parent or adult who is in loco parentis.


What is a Drop-In Workshop?
Drop-In Workshops take place in the Learning Resource Room (first floor) or the Kildare Room, (ground floor) at the Nation Museum of Ireland. These workshops are designed with families and children in mind. Each drop-in session takes place over two hours and features an activity that will take about 15-30 minutes to complete. There is no booking required, and you can take part in the activity at any time, and for however long you wish. The activities that take place includes seeing and handling replica objects, colouring, or, a ‘make and take’ craft activity. Every activity is inspired by artefacts and exhibitions in the Museum.

For full details of our list of Drop-In Workshops and events, please see our Event Calendar. Please do make note of where the drop-in is taking place before you arrive as the Learning Resource Room is not wheelchair accessible.

Suíomh:


Seachtain na Gaeilge: Buail isteach: Ruathairí, Trádálaithe agus Lonnaitheoirí! Láimhsigh Macasamhlacha ag Ceardlann Éire na Lochlannach suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Foghlaim faoin saol i mBaile Átha Cliath in aimsir na Lochlannach trí chuairt a thabhairt ar an Seomra Acmhainní Foghlama sa Mhúsaem chun macasamhlacha de Dhéantáin Lochlannacha a fheiceáil!

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444