Scipeáil chuig ábhar

Pleanáil do chuairt i gcúig chéim éasca

Bain lántairbhe as chuairt do scoile chuig an Músaem. Pleanáil do chuairt i gcúig chéim éasca agus coinnigh cuimhne go mbíonn cuairteanna ó scoileanna saor in aisce!

1. Féach ar ár liosta de thurais agus de cheardlanna

Faigh níos mó amach faoi ghníomhaíochtaí ar leibhéal bunscoile nó iar-bhunscoile. Féach conas a chomhlíontar príomhnaisc leis an gcuraclam le raon iomlán ár gníomhaíochtaí agus ár n-acmhainní.

2. Roghnaigh na dátaí agus na hamanna is fearr leat

Is fearrde do chuairt a chur in áirithe dhá sheachtaine ar a laghad roimh ré. Déan áirithint luath agus is dócha go bhfaighidh tú na dátaí agus na hamanna a theastaíonn uait.

3. Déan teagmháil le hOifig na nÁirithintí

Comhlánaigh foirm áirithinte ar líne; déan teagmháil ar theileafón ar +353 (0)1 648 6453; nó seol ríomhphost chuig bookings@museum.ie
 Déanfaimid d’áirithint a phróiseáil agus seolfaimid foirm dhearbhaithe chugat.

4. Déan ullmhúchán.

Bain lántairbhe as an Músaem trí ghiota ullmhúcháin a dhéanamh roimh do chuairt. D’fhéadfá roinnt oibre tionscadail athleanúna a dhéanamh ar ais sa scoil.

5. Tar in am

Bíodh spraoi agat, foghlaim agus bí spreagtha. Agus ná déan dearmad ar d’Fhoirm Dearbhaithe Áirithinte!


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627