Scipeáil chuig ábhar

Go dtí 2021

Cluain Tarbh 1014: Brian Boróimhe agus an Cath ar son Baile Átha Cliath

Saorchead isteach

Entrance to the Clontarf 1014 exhibition

Tá míle bliain agus le cois ann  ó troideadh Cath Chluain Tarbh, ar Aoine an Chéasta (23ú Aibreán), 1014. Déanann Ard-Mhúsaem na hÉireann an cothrom míle bliain sin a chomóradh le taispeántas spreagúil.
Tá eolas ag gach páiste scoile ar Chath Cluain Tarbh ach ag an am céanna is beag den mhionscéal atá againn. Is é tuairim an phobail gur bhuaigh Brian Bóramha, Rí Críostaí na hÉireann ar na Lochlannaigh phágánta agus gur ruaig as an tír iad. Ach an bhfuil sé sin fíor?

Sa taispeántas ceannródaíoch seo scrúdaítear na miotais agus cuirtear an fhianaise i láthair. Céard go díreach a tharla ag Cluain Tarbh, cérbh é údar an chatha agus cén toradh a bhí air?

Tá airm Éireannach agus Lochlannach, amhail na hairm a úsáideadh sa chath sin, le feiceáil le hais déantáin mhórluachmhara airgid agus seoda reiligiúnacha. In éineacht leo tá déantáin a rinneadh níos déanaí a thugann léargas nua-aimseartha ar scéal Bhrian Bóramha agus ar an gCath sin.

Is cuma céard atá ar eolas agat faoi Chluain Tarbh, cuirfidh an taispeántas suimiúil seo ag smaoineamh thú.
 

Suíomh:


Cluain Tarbh 1014: Brian Boróimhe agus an Cath ar son Baile Átha Cliath suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Scrúdaítear sa taispeántas seo na miotais mar gheall ar Chath Chluain Tarbh agus Brian Bóramha.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444