Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Éire Réamhstairiúil

Saorchead isteach

Ceann Máis Breochloiche as Cnóbha, Brú na Bóinne

Cúlra d’uirlisí, do photaireacht agus do dhéantáin phearsanta na tréimhse Neoilití is ea an tuama pasáiste atógtha seo.

Gheofar ann ceann máis breochloiche atá maisithe go hálainn, ó Chnóbha, ceann amháin de thrí thuama pasáiste Bhrú na Bóinne -- Cnóbha, Sí an Bhrú agus Dubhadh, Co. na Mí.

Tá cuntas doiciméadaithe againn ar thabhairt isteach na miotalóireachta timpeall 2500 R.Ch. agus an tslí ar forbraíodh í. Tá tuanna agus miodóga cupair, sciatha, coirí agus adharca cré-umha teilgthe (na huirlisí ceoil is túisce eolais in Éirinn) ar taispeáint. Tá seodra ar taispeáint, leis, déantas ar ómra, gloine agus cloch chomh maith le samplaí adhmaid de sciatha, rotha agus coirí.

Ní féidir an bád loig seo as An Lorgain, Co. na Gaillimhe, atá 450,000 bliain d’aois, a sheachaint. Tá sé ar an soitheach is mó dá chineál a fuarthas riamh in Éirinn.

Suíomh:


Éire Réamhstairiúil suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Cuir eolas ar lonnú an duine in Éirinn ó uirlisí cloiche na chéad fhiagaithe-cnuasaitheoirí timpeall 7000 BC, go hairm chré-umha na Cré-Umhaoise Déanaí timpeall 500 BC.

Seandálaíocht

Mionsonraí Réamhstaire

I rith na tréimhse Pailéilití (an tSeanchlochaois), bhí cuid mhaith d’Éirinn faoi oighearchlúideach

Leigh nios mo
Mionsonraí Réamhstaire

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444