Scipeáil chuig ábhar

Temporary Exhibition

Deasghnáth Aistrithe Saoil ag Tamhrach

FREE

Stone battleaxe

Is é Dumha na nGaill (Mound of Hostages) an séadchomhartha feiceálach is sine ar Thamhair.

Cumhdaíonn an dumha séadchomhartha adhlactha ar a dtugtar tuama pasáiste a tógadh sa ré díreach roimh 3000 RCh, agus a úsáideadh mar áit chun taisí daoine a adhlacadh ar feadh níos mó ná 1,500 bliain.

Tá an dumha suite gar d’imeall thuaidh foriata mhóir a dtugtar Ráith na Ríg nó Fort of the Kings.

Leagadh líne an fhoriata sin amach ionas go mbeadh an dumha ársa suite istigh ann agus ar an dóigh sin thabharfaí meas dá thábhacht. Tógadh an foriamh thart ar 100 RCh.

Taispeánadh tochailt Dhumha na nGiall go bhfuil stair an-chasta tógála agus úsáide ag baint leis.

Sa taispeántas seo tá cuid den chuid mhór rudaí eisceachtúla a fuarthas le linn tochailte ar taispeáint agus déantar cur síos ann ar chuid de ghnéithe a shuímh chultúrtha sa ré Neoiliteach agus i ré na Cré-umhaoise. Ba sa mheánaois a tosaíodh ag tabhairt Dumha na nGiall (Mound of the Hostages) air mar gheall ar an áit inar tharla malartú siombalach na ngiall.
 
Cuireadh tús le tionscadal tochailte na Tamhrach ag tús an tsamhraidh in 1952, faoi stiúir Seán P. Ó Ríordáin, Ollamh na Seandálaíochta Ceiltigh ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

In 1956, i ndiaidh dhá shéasúr tochailte ag an dumha, d’éirigh an tOllamh Uí Ríordáin tinn. Fuair sé bás in 1957. Chríochnaigh a réamhtheachtaí an tOllamh Ruaidhrí de Valera Tochailt Dhumha na nGiall in 1959. Foilsíodh an tuarascáil deiridh ar an tochailt in 2005 agus aistríodh na rudaí a fuarthas ón láithreán go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann in 2006.

Insítear an scéal sa taispeántas faoi Dhumha na nGiall mar a nochtadh leis an tochailt. Toisc gur baineadh úsáid as an tuama agus as an dumha d’adhlacadh ar feadh tréimhse chomh fada sin bhí nochtadh oird chasta an adhlactha agus gníomhaíochtaí deasghnátha eile deacair.

Áiríodh ar an obair iarthochailte rangú na gcéadta ní cnámha, cloiche, potaireachta agus miotail; scrúdú mionsonraithe ar líníochtaí cuibhreann agus leabhair nótaí ar an láithreáin; sainstaidéar ar thaisí daoine agus dátú eolaíoch samplaí orgánacha de réir dátú radacarbóin.

Chríochnaigh an Dr Muiris O’Sullivan an tasc an tochailt a fhoilsiú le comhoibriú a lán seandálaithe agus speisialtóirí eile, ar raibh foilseachán Dumha na nGiall (The Mound of the Hostages) mar thoradh air.

Suíomh:


Deasghnáth Aistrithe Saoil ag Tamhrach suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Is é Dumha na nGaill (Mound of Hostages) an séadchomhartha feiceálach is sine ar Thamhair. Sa taispeántas seo tá cuid den chuid mhór rudaí eisceachtúla a fuarthas le linn Thochailt Dhumha na nGiall ar taispeáint agus déantar cur síos ann ar chuid de ghnéithe a shuímh chultúrtha sa ré Neoiliteach agus i ré na Cré-umhaoise.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444