Scipeáil chuig ábhar

Slí isteach do Chách

Faigh amach faoi shlí isteach do chuairteoirí atá ar lag-ghluaiseacht, lagradharc nó lagéisteacht ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht.

Slí Isteach

Slí isteach amháin atá ann - ó Shráid Chill Dara, láimh le Foirgnimh an Rialtais. Tá trí chéim chloiche agus rampa do chathaoireacha rotha ag an doras iteach agus péire doirse dúbailte gloine isteach sa phríomháit fáilte.


Ardaitheoirí agus rochtain ar na gailearaithe

Tá teacht ar ghailearaithe an bhunurláir, ach níl aon ardaitheoir ann chuig an gcéad urlár.


Leithreas do chách

Tá leithreas do chách ar an mbunurlar, ar an taobh thall den rotunda lárnach.


Suíocháin/stóil soghluaisteachta laistigh

Tá suíocháin agus stóil soghluaisteacha ar fáil ag an Deasc Eolais ach iad a iarraidh.


Cathaoireacha rotha

Tá cathaoireacha rotha ar fáil ón Deasc Fáilte ach iad a iarraidh. Glaoigh ar +353 (0)1 6777444 roimh ré.


Suíocháin lasmuigh

Tá suíocháin lasmuigh den phríomhdhoras isteach sa mhúsaem.


Madraí treoracha

Tá fáilte roimh dhaoine a bhfuil madraí treoracha agus madraí cúnta acu.


Soilsiú

Tá an soilsiú íseal i gcuid de na taispeántais ar mhaithe leis na déantáin a chaomhnú.


Déantáin ar féidir lámh a chur orthu

Tá déantáin sa mhúsaem ar féidir lámh a chur orthu. Iarr ar bhall foirne nó ar chúntóir cabhrú leat iad a aimsiú..


Lúba ionduchtaithe

Is dona linn a rá nach bhfuil aon lúba ionduchtúcháin ar fáil sa mhúsaem faoi láthair.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444