Scipeáil chuig ábhar

Ceardaithe Teicstílí Chonnacht

Is grúpa ceardaithe agus ealaíontóirí cumasacha iad Ceardaithe Teicstílí Chonnacht ó ar fud Chonnacht.

Stair agus aidhmeanna an Ghrúpa

Cuireadh tús leis an ngrúpa in 2003 agus ar dtús tugadh Sníomhaithe agus Fíodóirí Chonnacht orthu, rud a léirigh spéiseanna ceardaíochta bhunaitheoirí an ghrúpa. Ó shin, bhí an grúpa ag bualadh le cheile ar an Satharn deireanach de gach dara mí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.
 
Comhroinneann an grúpa a chuid eolais ar scileanna ceardaíochta ag na cruinnithe dá chuid ag an Músaem agus taispeánann siad a chuid oibre dá cheile agus do bhaill an phobail. Oibríonn an grúpa ar raon de mhodhanna ceardaíochta baile, agus meascán d’ábhair á úsáid lena léirítear, ar dhóigheanna éagsúla, conas a forbraíodh na ceirdeanna ar bhonn cruthaitheach chun uirlisí, ábhair agus teicnící nua-aimseartha a chuimsiú.


Conas a bheith rannpháirteach

Cuireann Ceardaithe Teicstílí Chonnacht fáilte roimh bhaill an phobail a bhfuil spéis acu i bhfáil amach níos mó chun teacht chuig a gcruinnithe. Brabhsáil an Féilire Imeachtaí chun sonraí a aimsiú faoi chéad chruinniú eile an ghrúpa.
Tabhair cuairt orainn ar an Satharn deireanach de gach dara mí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe ó 11rn go 3in. Níl aon táille freastail ná áirithint riachtanach.


Tionscadail roimhe seo

Bhí an grúpa rannpháirteach i roinnt tionscnamh trí roinn oideachais an Mhúsaeim, ag cur le himeachtaí, le taispeántais agus le tionscadail. Áirítear le buaicphointí dá gcuid oibre na taispeántais Ceirdeanna Baile: Traidisiúnta agus Nua-aimseartha agus Is ionann Mo Bhaile Mo Chaisleán.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755