Scipeáil chuig ábhar

Slí isteach do Chách

Tá teacht ar gach cuid den Mhúsaem ó chathaoir rotha agus tá ardaitheoir ann chuig gach urlár sna gailearaithe taispeántais.

Geata an Mhúsaeim

  • Geata amháin isteach atá ann, ó díreach lasmuigh de shráidbhaile Thurlaigh.
  • Tá an carrchlós suite 250 méadar nó mar sin ón ngeata.
  • Níl an teach mór agus gailearaithe an Mhúsaeim ach píosa beag ón gcarrchlós - tá comharthaí treo in airde sa charrchlós.
  • Is féidir le cathaoireacha rotha dul isteach sa teach mór tríd an siopa bronntanas.
  • Doras amháin atá ar ghailearaithe an Mhúsaeim, agus slí ann do chathaoireacha rotha.

Páirceáil

  • Tá carrchlós mór ann, agus neart áiteanna ainmnithe do dhaoine faoi mhíchumas.
  • Is féidir cairr a pháirceáil saor in aisce.
  • Tá áiteanna tuirlingthe agus fillte díreach os comhair Theach Pháirc Thurlaigh do dhaoine atá ar bheagán gluaiseachta.

Áiseanna do dhaoine atá ar bheagán gluaiseachta

  • Tá na gailearaithe taispeántais suite ar cheithre urlár. Tá ardaitheoir ina bhfuil slí do chathaoireacha rotha ar chúl phríomhghailearaithe an Mhúsaeim ar Leibhéal A. Tugann an t-ardaitheoir seo go ceithre urlár an Mhúsaeim thú.
  • Tá leithris do chách i ngach ceann de na háiteanna seo: i nGailearaithe an Mhúsaeim ar leibhéal A (leibhéal an dorais isteach, gar don Deasc Eolais), agus ar leibhéal C (gar don Seomra Oideachais); i dTeach Pháirc Thurlaigh láimh leis an siopa bronntanas agus cinn eile láimh leis an gcaife.
  • Is féidir stóilíní gluaisteacha a fháil ón deasc fáilte. 
  • Tá cathaoireacha rotha ar fáil ón deasc fáilte.
  • Tá áiteanna suí i ngach ceann de na gailearaithe.

Áiseanna do dhaoine atá ar lagradharc 

  • Cuirfear fáilte roimh mhadraí treoracha agus madraí cúnta.
  • Tá an soilsiú i dtaispeántais áirithe íseal go leor ar mhaithe le déantáin áirithe a chaomhnú.
  • Tá déantáin sa Mhúsaem ar féidir lámh a chur orthu. Iarr ar bhall d'fhoireann an Mhúsaeim tú a threorú chucu siúd.

Áiseanna do dhaoine atá ar lag-éisteacht

  • Is dona linn nach bhfuil closchóras ionduchtúcháin ar fáil go fóill sa Mhúsaem


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755