Scipeáil chuig ábhar

Clós súgartha coillearnaí

Tá clós súgartha coillearnaí ar thailte an Mhúsaeim, agus is ann is féidir le taiscéalaithe óga cuid den fhuinneamh atá iontu a chur díobh.

Tá duaiseanna buaite ag an gclós súgartha seo atá suite sa ‘gairdín slogtha’ sa choill agus tá neart gnéithe nádúrtha súgartha agus trealamh spraoi ann, sleamhnán ollmhór ar thaobh cnoic ina measc.

Ba é Comhairle Contae Mhaigh Eo a chuir an clós súgartha ar fáil, agus bhuaigh sé gradam Chumann Chonraitheoirí Tírdhreacha na hÉireann in 2019.

Tá áiteanna suí ann do thuismitheoirí lena scíth a ligean agus comhrá a dhéanamh agus na leanaí ag súgradh. Tá carrpháirceáil saor in aisce ar fáil i gcarrchlós an Mhúsaeim.

Bí cinnte go mbuaileann tú isteach i gcaifé an Mhúsaeim le seacláid the a bheith agat tar éis na gcluichí agus an spraoi ar fad!


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755