Scipeáil chuig ábhar

Uaireanta Oscailte, Suíomh agus Áiseanna

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Ealaíona Maisiúla & Stair suite i nDún Uí Choileáin, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7.

Tá oibreacha feabhsúcháin á ndéanamh ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht i gceantar an Rotunda chun cur le d’eispéireas sa mhúsaem. Lean na comharthaí a théann chuig an mbealach isteach sealadach le do thoil.

Uaireanta oscailte

  • Máirt go Satharn 10am - 5pm
  • Domhnach agus Luan 1pm - 5pm
  • Dúnta Lá Nollag agus Aoine an Chéasta

Saorchead isteach

Tá saorchead isteach ar gach ceann de cheithre láithreán Ard-Mhúsaem na hÉireann.


Uaireanta oscailte an tSiopa agus an Chaifé

Bíonn siopa agus caifé an Mhúsaeim ar oscailt nuair a bhíonn an Músaem ar oscailt, ach bíonn sé ar oscailt óna 12 meán lae ar an Domhnach.


Eolas do chuairteoirí

Bíonn an fhoireann ar fáil chun aon cheist atá agat a fhreagairt. Beidh cabhair ar fáil duit má bhíonn sé ag teastáil, ar an mbunurlár ag an doras isteach.


Páirceáil

Tá páirceáil ÍOC & TAISPEÁIN ar fáil do chuairteoirí go Dún Uí Choileáin.

  • €2 ar uair an chloig
  • €5 ar cheithre uair an chloig
  • €10 ar lá iomlán (8am – 6pm)
  • €40 sa tseachtain

Uaireanta oscailte an charrchlóis

  • Luan - Satharn 7.30am - 6pm (dúntar na geataí ag 6.30 tráthnóna)
  • Domhnach 1pm - 5.30pm (dúntar na geataí ar a 6 tráthnóna)

Páirceáil Inrochtana

Tá seacht gcinn de spásanna páirceála curtha i leataobh do dhaoine a bhfuil suaitheantas gorm acu.


Seomra cótaí

Tá seomra cótaí san oifig fáilte ar an mbunurlár, ag an doras isteach.


Leithris

Gheofar leithris do chách ag an:

  • Oifig fáilte
  • Brambles Café
  • Ar an mbunurlár den taispeáintas Saighdiúirí agus Taoisigh

Áiseanna do Thuismitheoirí

Tá áiseanna chun clúidín linbh a athrú ar fáil i ngach leithreas a mhúsaeim.

Is féidir bugaí/carr linbh a thabhairt timpeall an Mhúsaeim de bhrí go bhfuil ardaitheoirí, rampaí agus doirse leathana i ngach cuid de. Gheofar cathaoireacha ard do leanai i gcaifé an Mhúsaeim.

Cuirtear fáilte roimh mhná ar mian leo a leanaí a bheathú leis an gcíoch.


Srianta ar bhagáiste

Iarrtar ort málaí droma, málaí nó cásanna a fhágáil sa seomra cótaí agus tú ar cuairt ar an Músaem. Iarr cabhair ag an oifig fáilte nuair a thagann tú isteach.


Ardaitheoirí agus Rochtain ar na Gailearaithe

Tá rochtain do chách ar gach gailearaí i nDún Uí Choileáin. Tá ceithre ardaitheoir san fhoirgneamh, tá siad suite sa phríomháit fáilte, sa chúinne thoir ag freastal ar urláir a haon go hurlár a trí den roinn ealaíon maisiúil den Mhúsaem. Tá dhá ardaitheoir sa taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh.


Inrochtaineacht

Tá slí sa Mhúsaem do chuairteoirí ar gach cumas. Gheofar tuilleadh sonraí sa Roinn Inrochtaineachta.


Suíocháin

Tá suíocháin ar fáil i bhformhór na ngailearaithe. Tá stóil ghluaisteacha ar fáil ach iad a iarraidh. Tá cathaoireacha rotha ar fáil ón oifig fáilte más gá.


Maoin chaillte

Má tá tú sa Mhúsaem, fiafraigh den fhoireann san oifig fáilte ar an mbunurlár má chaill tú rud éigin. Tar éis an Músaem a fhágáil, glaoigh ar +353 1 6777444.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444