Scipeáil chuig ábhar

Scannánaíocht agus Grianghrafadóireacht

Scannánaíocht

Scannánaíodh ár mbailiúcháin lena n-úsáid ar an teilifís, i gcláir faisnéise, i bhfíseáin agus i gcláir oideachasúla.
Ba cheart aon cheisteanna a bhaineann le scannánaíocht a chur ar an Rannóg Margaíochta go díreach. De ghnáth, teastaíonn uainn fógra dhá sheachtain ar a laghad (nuair is féidir), cóip de do shlánú árachais agus foirmeacha oifigiúla comhlánaithe sular féidir cead a dheonú.
Chun cead a fháil, déan teagmháil lenár Rannóg Margaíochta ar marketing@museum.ie.

Scannánaíocht Tráchtála

Baineadh úsáid as ár suíomhanna agus ár ndánlanna le haghaidh scannánaíocht tráchtála agus úsáid teilifíse agus le haghaidh feachtais fógraíochta agus chur chun cinn freisin. I gcás ceisteanna a bhaineann le scannánaíocht tráchtála, déan teagmháil le OCMS ag http://ocmsireland.com/. Oibríonn OCMS thar ceann Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Seol ríomhphost chuig marketing@museum.ie. Cuirfear do cheist ar aghaidh chuig ár mBainisteoir Forbartha Tráchtála.

Grianghrafadóireacht

Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann a dhéanann an ghrianghrafadóireacht ar fad.
Ní thugtar cead isteach do ghrianghrafadóirí seachtracha ach amháin in imthosca speisialta.
Ba cheart aon cheisteanna a bhaineann le grianghrafadóireacht a chur ar an Oifig um Chearta agus Atáirgeadh. Seol ríomhphost chuig marketing@museum.ie


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions