Baile / Seandálaíocht / Taispeántais / Taispeántais Reatha / Éire in aimsir na Lochlannach

Éire in aimsir na Lochlannach

Féach ar bhailiúchán de thaiscí ó thochailtí in ionad uirbeach ón meánaois luath Lochlannach san Eoraip.


Níl Rochtain ann do Chathaoireacha Rotha No Wheelchair Access

Tugann an taispeántas seo cur síos ar Ré na Lochlannach in Éirinn ó c.800 AD go c.1150 AD. Tá teagmháil tosaigh leis na Lochlannaigh soiléir san ábhar a fhaightear in uaigheanna na Lochlannach ón naoú agus ón deichiú haois in Éirinn. Tugann taiscí ó láithreáin lonnaíochta ón naoú agus ón deichiú haois in Éirinn léiriú ar shaol na tuaithe, agus léiríonn roinnt ornáidí airgid saibhreas lonnaíochtaí Lochlannacha agus Éireannacha na tréimhse sin.

Réada ó thochailtí i mBaile Átha Cliath

I lár an taispeántais tá torthaí thochailtí an Ard-Mhúsaeim i mBaile Átha Cliath, a rinneadh idir 1962 agus 1981. Is é seo an bailiúchán is fearr de thaiscí ó thochailtí in ionad uirbeach ón meánaois luath a fhaightear in áit ar bith san Eoraip.

I rannóg deiridh taispeántar miotalóireacht eaglaise ón 11ú agus 12ú haois, a léiríonn an nascadh idir stíleanna ealaíne na Scandanáive agus na hÉireann ag deireadh Ré na Lochlannach.

Ag teacht lenár dtaispeántas sealadach faoi Chluain Tarbh 1014 tá ocht bhfíseán forbartha againn faoi Éire na Lochlannach.

Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht, an Chéad Urlár, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

Aois na Lochlannach

Aois na Lochlannach

Tharla céad chreacha na Lochlannach ar Éirinn in 795 AD, dar leis an stair, nuair a rinneadh creach ar oileáin amach ó chóstaí thuaidh agus thiar na tíre.