Baile / Na hEalaíona Maisiúla agus Stair / Stair & Ailtireacht Dhún Uí Choileáin

Stair & Ailtireacht Dhún Uí Choileáin

Breathnaigh ar stair Dhún Uí Choileáin: an áit iontach i mBaile Átha Cliath ina bhfuil Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúlta & Stair lonnaithe


Cearnóg Uí Chléirigh ag Dún Uí Choileáin

Bhí Dún Uí Choileáin mar bhunáit airm ar feadh beagnach 200 bliain sular rinneadh athchóiriú air le bheith in úsáid mar mhúsaem. Tá an gréasán d'fhoirgnimh arda le haghaidh eibhir orthu, ar láithreán 18 n-acra agus tá atmaisféar réimiúil agus míleata fós ann.

Tá stair shaibhir agus éagsúil ag an láithreán. Agus é críochnaithe in 1704, bhí ról tábhachtach aige agus éirithe amach thar na céadta á gcur faoi chois. Cuireadh cúirt airm ar Wolf Tone,  bunaitheor agus ceannaire Chumann na hÉireannaigh Aontaithe, agus cuireadh i bpríosún é anseo freisin. Le linn Éirí Amach 1916, thug na trúpaí a bhí lonnaithe anseo faoi shuíomhanna na reibiliúnach ar Oileán Usher, ag na Ceithre Chúirt, agus in Ard-Oifig an Phoist.

Collins agus An Cléireach: Ainmneacha Cáiliúla Iontu Féin

Seans gurb é ainm an láithreáin an nasc stairiúil is soiléire. Ainmníodh an bheairic i ndiaidh Michael Collins, an chéad Cheann Foirne d'Arm Shaorstát na hÉireann. Roimhe sin léirigh sé ceannaireacht laochúil le linn Chogadh na Saoirse 1920-21, ach feallmharaíodh é le linn an Chogaidh Chathartha i 1922, agus gan ach 31 bliana d'aois slánaithe aige. Sa lá atá inniu ann, tá stádas scéalaíochta ag Collins in Éirinn sa Nua-aois.

Tá Cearnóg Uí Chléirigh, clós mór lárnach, mar chroílár an Mhúsaeim. Ainmníodh an chearnóg i ndiaidh Thomáis Uí Chléirigh, ceannaire reibiliúnach a lámhachadh le linn Éirí Amach 1916 .

Oidhreacht Lochlananch

Tá oidhreacht inbhraite Lochlannach sa cheantar áitiúil atá timpeall Dhún Uí Choileáin. Tháinig sé seo ón aonú haois déag, nuair a shocraigh imircigh Danmhargacha síos ann. Agus iad cothrom a bheag nó a mhór le ceantair Mhargadh na Feirme, Chnoc an Arbhair agus Bhóthar na gCloch sa lá atá inniu ann, tugadh Osmantowne (nó Baile na Lochlannach) ar an gceantar seo. Tá ainmneacha sráide áitiúla a raibh tionchar na Lochlannach orthu fós le feiceáil sa lá atá inniu ann, Bóthar Mhaolmhaodhóg, Sráid na Lochlannach ina measc,

Stair Luath

Tugadh an láithreán mar bhronntanas do James Butler in 1665, Diúc Ormond agus Fear Ionaid Rí na hÉireann - ar ar tugadh 'Gairdíní an Pháláis' an uair sin. Dhíol a gharmhac, James eile, an talamh leis an mBanríon Anne in 1703, le beairic a fhorbairt. Rinne Thomas Burgh, innealtóir míleata as Luimneach agus sean-saighdiúir de Chogaí an Dá Rí thar an mBreatain, Éirinn, agus an Eoraip, maoirsiú ar an tógáil idir 1704 agus 1710.

Prionta de na Bearaicí Ríoga, anois Dún Uí Choileáin, i mBaile Átha Cliath

Ailtireacht & Leagan amach

Dhear Burgh an chéad fhoirgneamh mar cheithre chearnóg, nó ceathairuilleoga:

  • Cearnóg na Beairice
  • An Chearnóg Nua
  • Cearnóg na gCapall
  • An Chearnóg Ríoga

Agus é tógtha as cloch Chill Mhantáin agus Bhaile Átha Cliath, na hábhair eile a úsáideadh ba ea scláta Carnarvon (An Bhreatain Bheag) don díon agus dair do na staighrí. Dearadh an Bheairic mar áit chónaithe do 1500 fear san iomlán, stáblaí don mharcshlua san áireamh.

Ach, faoi lár an ochtú haois déag, bhí líon na saighdiúirí a bhí á gcoinneáil sa Bheairic tar éis méadú go mór. Ceapadh Christopher Myers, Ailtire Sasanach, le cur leis an bhfoirgneamh. D'ardaigh sé an Chearnóg Phalatíneach faoi aon urlár amháin, á leathnú amach sa phróiseas. Thóg Myers bálseomra freisin.

Saol na Beairice

Rinneadh cuid mhór de shaol na beairice a phleanáil le fir throda dhílse, umhla, mhúinte ach neamheaglacha a thraenáil. Bhí an saol dian agus spartach. 

Bhí sé shaighdeoir i ngach seomra, agus chodail beirt ar a laghad i ngach leaba. Chócaráil na fir a mbia féin ina seomraí, agus bhí tinteán, bord, agus coinnleoir iarainn amháin i ngach seomra. Athraíodh na braillíní tuairim is uair sa mhí. Dúisíodh na saighdiúirí roimh bhreacadh an lae le haghaidh druileanna. I measc na ndualgas glanadh na stáblaí agus cuireadh snas ar bhuataisí.

Saol difriúil a bhí ann do na hoifigigh. Bhí spás ina gcóiríocht, chodail siad i leaba adhmaid agus d'ith siad go maith i dtithe tábhairne áitiúla.

Faigh amach tuilleadh faoi stair agus ailtireacht Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin.

An taobh amuigh den Scoil Mharcaíochta, Dún Uí Choileáin

An Scoil Mharcaíochta

Bhí an Scoil Mharcaíáochta, lonnaithe ar chúl an Phríomhfháiltithe píosa beag ó Chearnóg Uí Chléirigh, pleanáilte mar shéipéal ar dtús. Agus é tógtha in 1746, baineadh úsáid as an bhfoirgneamh seo chun na hoifigigh mhórshlua agus a gcapaill a thraenáil.

An tréith is suntasaí atá aige ná an díon atá chomh leathan sin ag 18 méadar (59 troithe). Sna 1970idí, sheinn Eric Clapton ag ceolchoirm anseo d'Arm na hÉireann amháin. Ainmníodh an chearnóg i ndiaidh Thomáis Uí Chléirigh, 

An Curiarracht Dhomhanda é?

Creidtear gurb é Dún Uí Choileáin, ar tugadh an Bheairic Ríoga air roimhe sin, an bhunáit airm is faide ar domhan ó thaobh seirbhíse de. Bhog Arm na hEireann amach i 1997, agus ansin rinneadh an láthair a athchóiriú agus ghlac Ard-Mhúsaem na hÉireann seilbh air. 

Críoch-chomharthaí Áitiúla Stairiúla

Tá láithreán Dhún Uí Choileáin lonnaithe os comhair Ghrúdlann Guinness ar na céanna ó thuaidh d'Abhainn na Life i mBaile Átha Cliath. I measc na gcríoch-chomharthaí áitiúla stairiúla tá: