Múnlaí Blaschka

Tá ceann de na bailiúcháin is mó ar domhan de shamhailtí Blaschka ag an Músaem - mionsamhlacha uathúla gloine d'ainmhithe agus plandaí. Ta an taispeántas dúnta faoi láthair.


Níl Rochtain ann do Chathaoireacha Rotha No Wheelchair Access

Ba iad Leopold agus Rudolf Blaschka, athair agus mac, a chruthaigh na samhlacha iontacha gloine ar bhalcóin an tríú urláir den Mhúsaem in Dresden go déanach sa 19ú haois. Bhunaigh siad a samhlacha de na hainmhithe ar chur síos i dtéacsleabhair an ama sin agus bhí gach uile mhionsonra a chonaic an t-eolaí a rinne staidéar ar na hainmhithe féin faoin micreascóp le feiceáil sna samhlacha.

Crystal JelliesBíonn cuid mhaith d’ainmhithe draíochta na mara faoi cheilt toisc nach féidir iad a fheiceáil gan mhicreascóp. Ceall amháin atá sa radalárach Aulosphaera elegantissima agus tá sé i bhfad ró-bheag le feiceáil ag gnáthradharc an duine.Ceall amháin atá sa radalárach Aulosphaera elegantissima agus tá sé i bhfad ró-bheag le feiceáil ag gnáthradharc an duine. Is ceann é de raidhse ainmhithe a mhaireann i measc planctóin aigéin an domhain.

Is garghaolta iad an smugairle róin agus an bundún leice. I gcuid mhór speiceas is foirmeacha éagsúla iad den ainmhí céanna iad ag céimeanna éagsúla den saolré. Sa smugairle róin nó sa chéim ‘meadúsa’, is féidir leis an orgánach snámh go saor trína chorp clogchruthach a chrapadh agus uisce a bhrú amach chun é féin a bhrú ar aghaidh. Bíonn an bundún leice greamaithe de ghrinneall na farraige. Féadfar smaoineamh air mar smugairle róin bunoscionn le béal lárnach agus é sin timpeallaithe ag braiteoga. Díreach cosúil le smugairle róin agus coiréal, is féidir leis na braiteoga seo cealg nimhneach a thabhairt chun cabhrú leo breith ar chreach.

Corallium rubrumBreathnaíonn coilíneachtaí coiréil díreach cosúil le plandaí ar dtús ach is ainmhithe iad. De ghnáth bíonn ainmhithe coiréil, nó ‘polaipí’, an-bheag le tacar de bhraiteoga gearra timpeall ar bhéal lárnach. Tá siad gaolta leis an mbundúin leice agus an smugairle róin. Maireann siad i bhfeadáin a chruthaíonn ‘cnámharlach’ aoil, cosúil le roinnt mhaith sliogéisc. Úsáideadh coiréal dearg Corallium rubrum go forleathan fadó i seodra ach anois is speiceas cosanta é. Is é an cnámharlach amháin atá caomhnaithe sna samplaí seo agus gan samhlacha Blaschka, ní bheadh a fhios ag cuairteoirí nach raibh siad ag breathnú ach ar chuid amháin de na hainmhithe seo.

Tá samhlacha Blaschka in úsáid do chuid mhaith de na hainmhithe timpeall ar an mbalcóin seo. Grúpaí ainmhithe nach mbeadh taithí ag an bpobal orthu is ea formhór na ngrúpaí ainmhithe seo. Ní bheadh na cásanna taispeántais de phéisteanna, agus seadáin, chomh sothuigthe murach scileanna mhuintir Blaschka.